I dTír Mhilis na mBeo

Údar: Foilsíodh scéalta le Colm Ó Ceallacháin in ComharFeastaSouthword agus Gorse, agus tá duaiseanna Oireachtais buaite aige ar chuid díobh sin. Bhronn an Chomhairle Ealaíon dámhachtain air in 2013 i Litríocht na Gaeilge. Tá cónaí air i gCorcaigh agus oibríonn sé in earnáil na hóige. Is é I dtír mhilis na mbeo (Cois Life, 2017) a chéad chnuasach gearrscéalta.

Achoimhre: Guth nua liteartha ar an bhfód is ea Colm Ó Ceallacháin. Seo é a chéad chnuasach gearrscéalta. Ní mar a shíltear a bhítear. An é sin an Pápa a fheicimid ag feitheamh le beirt bhuachaillí óga le linn a chamchuairt ar Éirinn in 1979? Nó an cuairteoirí ó phláinéad eile iad siúd atá ag caitheamh a gcuid laethanta saoire cois trá?

Tá pearsana sa chnuasach seo ag fás aníos is ag teacht in inmhe. Tá carachtair eile ag druidim le saol na díchuimhne agus speabhraídí na seanaoise ag breith orthu. Táimid de shíor dár bhfuadach as an saol seo, ach i scéal amháin is í an litir ‘i’ féin atá fuadaithe, le filleadh ina táinte sa chéad scéal eile.

Searbh í ar uairibh, ach ní mór dúinn rince go clabhsúr mar sin féin, i dtír mhilis seo na mbeo.

I dTír Mhilis na mBeo
Cois Life
I dTír Mhilis na mBeo
Colim Ó Ceallacháin
Éagóir
Cois Life
Éagóir
Seán Ó Cuirreáin
An tIriseoir
Cois Life
An tIriseoir
Michelle Nic Pháidín
Cré na Cille
Clór Iar-Chonnacht
Cré na Cille
Máirtín Ó Cadhain
Conaire Mór
Leabhar Breac
Conaire Mór
Diarmuid Johnson
Corp an Duine Uasail
Leabhar Breac
Corp am Duine Uasail
Pénélope Bagieu