Galf Gaelach

Eagraíodh an chéad tionól de Ghalf as Gaeilge ar ghalfchúrsa Tobar Dhún Mhuire i gCill Dara i Mí an Mheithimh. Fear de bhunadh Ghaoth Dobhair atá ina bhainisteoir ann, Seán Ó Gallchóir, mac le Noel Johnny Sheáin agus thug Seán gach uile cabhair agus cúnamh do lucht eagraithe na hócáide. Ar ndóigh, tá cáil an ghailf ar Stiúrthóir an Oireachtais, Liam Ó Maolaodha, agus bhí sé ina Chaptaein ar Cumann Ghalf Craddockstown (1993) agus in Oileáin Chonamara sa bhliain 2014.
Le tacaíocht ó Sheáin Uí Cheallaigh (Gael Linn) agus Fionnán Ó hÓgáin atá ina Chaptaein ag Club Cheann Sibéal faoi láthair a rinneadh na socruithe go léir don ócáid.

Bhí foirne cláraithe ó gach cearn den tír - An Cheathrú Rua, Oileáin Chonamara, Doire Né, Ceantar na nOileán (2), CLG Na Breathnaigh, Gaoth Dobhair, Bearna, Cúl Mhín (BÁC), Baile Brigín, Rath Cairn, Ceann Sibéal, Na Déise, Béal Feirste & Gaelscoil Chill Dara. Bhí comórtas aonair ann chomh maith leis na comórtais foirne. Tar éis coimhlint ghéar ba é foireann Ghaoth Dobhair an foireann ab fhearr le Baile Brigín sa dara háit, agus bhí CLG Na Breathnaigh, Rath Cairn agus An Cheathrú Rua sna sála orthu.

Maidir leis an gcomórtas aonair ba é an fear áitiúil, Seán Ó Gallchóir (7) le 36 pointe a thug an lá leis le Seán Ó Conchúir sa dara háit, Eoin Daltún sa tríú háit agus Gearóid Willie Ó Fátharta taobh thiar dhó. Ba í Ban-Chaptaen Oileáin Chonamara, Treasa Uí Chartúir a thug léi duais na mBan.
Bhailigh an slua le chéile sa Chlubtheach i ndidiadh an chmórtais, bhí seisiún ceoil den scoth ann le grúpa ó Dhún na nGall, ‘Na Fá Dú Da’s’ ag casadh amhráin ann agus bhain gach a bhí i láthair ard taitneamh as an ócáid. Rinne Uachtarán an Oireachtais, Ray Mac Mánais na duaiseanna a bhronnadh ag deireadh na hoíche. Scaip an slua, bhí turas mór roimh go leor acu, arais go Gaoth Dobhair, Baile an Fhéirtéirigh, Garraí Choirce, ach gach duine ag súil go mór le ‘Galf as Gaeilge 2016’.