Na Rásaí

Sraith rásaí reathaíochta bóthair sna ceantair Gaeltachta, cuid de na ceantair is áille sa tír, i gcomhluadar na nGael! Tá an tsraith á reáchtáil le deis a thabhairt do reathaithe le Gaeilge páirt a ghlacadh i rásaí Gaelacha - is cuma cén Ghaeilge atá agat, bain úsáid aisti agus tú ag rith!  Bronnfar pointí ar dhaoine bunaithe ar a n-áiteanna i ngach rás, tógfar na torthaí is fearr ó aon 3 rás agus bronnfar duaiseanna na sraithe bunaithe ar na pointí sin: 1ú/2ú Bean agus Fear, 1ú Bean agus Fear os cionn 40, 1ú Bean agus Fear os cionn 50. (D’fhéadfadh sé go mbeidh tuilleadh duaiseanna ann ag cuid de Na Rásaí.) Glac páirt! Ní chosnóidh aon rás níos mó ná €20 arlíne, nó €25 ar an lá. Tá lascainí ann má chláraítear do 3 rás, do 5 rás nó do 6 rás ar líne. Tuilleadh eolais: www.facebook.com/narasai. Má tá spéis agat Rás a reáchtáil i do cheantar féin mar chuid den sraith, cuir ríomhphost chuig majella@antoireachtas.ie.