Oíche Nollag na mBan

Is sean traidisiún é in Éirinn go dtiocfadh mná le chéile ar an 6ú Eanáir, Oíche Nollag na mBan, don chomhluadar & don cheiliúradh; go mbeadh beathe & ól, spraoi & craic agus muintearas ann. Tá an traidisiún fós láidir in iardheisceart na tíre agus tá An tOireachtas ag iarraidh é a athmhúscailt ar fud na tíre. Bigí linn!

Má tá fonn ort ócáid Ghaelach do mhná a reáchtáil i do cheantar féin ar Oíche Nollag na mBan (dinnéar nó lón, mar shampla), cuir ríomhphost chuig majella@antoireachtas.ie leis na sonraí agus déanfar í a fhógairt! Cuirfidh muid greamáin ar fáil do na bialanna agus cuirfidh muid cártaí deasa ar fáil do na mná a bheidh i láthair. Beidh ainmneacha na mban a ghlacfaidh páirt sna hócáidí curtha i hata i gcomhar duais de €100 freisin.