Sean-Nós na Fearsáide | An tOireachtas

Reáchtáladh féile Shean-Nós na Fearsaide ar an 15 & 16 Feabhra 2019. Ba é seo an dara bhliain as a chéile d’Oireachtas na Gaeilge a bheith i gcomhpháirt le Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain don fhéile. D’fhreastail slua iontach ar an deireadh seachtaine a bhí mar imeall imeacht de chuid Ghradam Ceoil Tg4 2019.

Is é príomhaidhm Sean-Nós na Fearsaide ná deis a thabhairt do dhaoine ceiliúradh a dhéanamh ar ár saibhreas teanga, cultúr agus na healaíona traidisiúnta agus iad sin a threisiú agus a bhuanú i gcathair Bhéal Feirste. Bhí blaiseadh agus léargas á dtabhairt ar thraidisiúin dhúchasacha na tíre, idir amhránaíocht, damhsa, lúibíní, agallamh beirte agus scéalaíocht le linn an deireadh seachtaine.

Bhí cuid de bhuaiteoirí Oireachtas na Samhna 2018 i láthair don deireadh seachtaine - Buaiteoirí Agallamh Beirte: Mícheál Ó Cualáin & Caitlín Ní Chualáin; Buaiteoirí Lúibíní: Deirdre & Caoileann Ní Dhonnchadha; Buaiteoir Amhránaíocht ar an Sean-Nós (15-18): Conor Ó Gallachóir; Buaiteoir an Dara hÁit, Corn Uí Riada: Colm Jimmy Ó Curraoin; Buaiteoir Príomhchomórtas Scéalaíochta: Tomás Ó Lúing; Buaiteoir Steip: Nada Ní Chuirrín; Iar-Bhuaiteoirí Steip: Pádraic Ó Dúbháin & Gearóid Ó Dúbháin agus iar-bhuaiteoirí Chorn Uí Riada: Doimnic Mac Giolla Bhríde, Mícheál Ó Confhaola, Meaitíjó Shéamuis,  Nan Tom Teaimín. Bhí na healaíontóirí seo uile rannpháirteach trí cheardlanna agus léirithe a thabhairt le linn na féile.

 

Corn Cuimhneacháin
Uí Chriagáin

Ba í Bláithín Mhic Cana a tháinig sa chéad áit agus ba é Naoise Mac Cathmhaoil a tháinig sa dara háit. Tá iontráil shaor an aisce don chomórtas amhránaíochta cuí agus ticéad deireadh seachtaine acu beirt d’Oireachtas na Samhna 2019. Thug Raidió Fáilte £300 don chéad duais agus thug Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain £150 don dara duais. B’iad Meaití Jó Shéamuis agus Nan Tom Teaimín a bhí ag moltóireacht.

Sean-Nós na Fearsáide Sean-Nós na Fearsáide

Gailearaí

Sean-Nós na Fearsáide
Sean-Nós na Fearsáide
Sean-Nós na Fearsáide
Sean-Nós na Fearsáide
Sean-Nós na Fearsáide
Sean-Nós na Fearsáide
Sean-Nós na Fearsáide
Sean-Nós na Fearsáide
Sean-Nós na Fearsáide
Sean-Nós na Fearsáide
Sean-Nós na Fearsáide
Sean-Nós na Fearsáide

Suíomh Imeachta

Fógraíocht