Na Saighdiúirí Dearga

Is craobh den MRSC, a fheidhmíonn as Gaeilge, iad na Saighdiúirí Dearga. Cuireadh ar bun iad le linn an tséasúir ’14/15, agus bíonn siad ag casadh le chéile i mbeár an MRSC, Páirc Thuamhan.

Tá sé mar aidhm ag na Saighdiúirí Dearga deis a chur ar fáil laistigh den MRSC an Ghaeilge a labhairt ag cluichí na Mumhan. Tugann sé deis casadh le baill eile den MRSC le Gaeilge i suíomh spraíúil sultmhar. 

I mbliana tá na Saighdiúirí ag iarraidh cur lena gcuid uimhreacha i Luimneach agus grúpa a chur ar bun i bPáirc Musgrave, Corcaigh, chomh maith. Anuas ar sin tá uathu grúpaí áitiúla a chur ar bun ar fud an Chúige.

Má tá suim agat páirt a ghlacadh sna Saighdiúirí Dearga is féidir scéal a chur chuig peadar@antoireachtas.ie, nó na Saighdiúirí a leanúint ar facebook, ar twitter, nó gan dabht casadh leo i mbeár an MRSC ar laethanta na gcluichí!