Siúl Eile

Thosaigh an gréasán is úire de chuid an Oireachtais ar Oíche Chultúir 2015, i gcathair Phort Láirge. D'eagraigh ‘Siúl Eile’ a chéad imeacht ar Oíche Chultúir na bliana seo.

Eagraíodh siúlóid staire thart ar chathair Phort Láirge, agus bhí teacht le chéile sa Gingerman, Lána Arundel, i ndiaidh na hócáide. 

Beidh Siúl Eile ag teacht le chéile ar bhonn míosúil sa chathair as seo amach.

Má tá tuilleadh eolais uait, faoi seo nó imeachtaí Gaeilge eile sa chathair téigh i dteagmháil le hAodán (087 264 8363), nó le Peadar anseo san Oireachtas (085 144 3832)