20 bliain TG4 á cheiliúradh ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais

Bhronn Uachtarán na hÉireann, Micheál D Ó hUigínn, Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais ar TG4 oíche Dé hAoine (13 Bealtaine 2016). I measc an dream eile ar bronnadh Gradam Cumarsáide orthu ar an oíche bhí Bláthnaid Ní Chofaigh dá clár seachtainiúil, Bláthnaid Libh, a chraoltar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, Stiofán Ó Fearail, láithreoir an chláir Cleas Act ar TG4 agus atá ina phríomhamhránaí an bhanna ceoil Seo Linn; chomh maith le Alan Titley, as a cholún san Irish Times. Is é Rónán Mac Aodha Bhuí ó RTÉ Raidió na Gaeltachta a bhuaigh Craoltóir Raidió na Bliana agus thug Tara Breathnach léi an Gradam d’Aisteoir na Bliana.

Déanann na Gradaim seo ceiliúradh ar an gcuid is fearr den éacht oibre a chuirtear i gcrích in earnáil na cumarsáide Gaeilge gach bliain. Tugtar ómós do na haisteoirí, na hiriseoirí, na láithreoirí, lucht déanta na gclár agus daoine eile san earnáil a rinne sár-ionchur sa ghort sin le bliain anuas. I mbliana, cuireadh catagóir nua leis na Gradaim dar teidil Gearrscannán na Bliana agus is é Meangadh Fíbín a bhuaigh an gradam seo don scannán, Snámh in aghaidh Easa.

“Ba mhór an onóir dúinn Uachtarán na hÉireann, Micheál D Ó hUigínn, a bheith i láthair linn ag Ócáid Bhronnta na nGradam Cumarsáide i mbliana, go háirithe agus TG4 ag ceiliúradh 20 bliain ar an bhfód,” a deir Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais. “Bhí ról lárnach ag an Uachtarán i mbunú an stáisiúin agus thug sé tacaíocht i gcónaí do na meáin Ghaeilge agus do na healaíona. Tá Ócáid Bhronnta na ngradam seo ina gcuid lárnach d’fhéilire sóisialta na meán Gaeilge agus déanann siad ceiliúradh ar na forbairtí nuálacha atá á ndéanamh san earnáil”, a deir sé. 

Bronnadh dhá ghradam teilifíse ar an gcomhlacht Magamedia – gradam don tsraith EIPIC sa chatagóir Sraith Teilifíse na Bliana agus gradam don chlár Deoch an Dorais sa chatagóir Clár Teilifíse na Bliana. Insíonn an clár seo scéal Mike Malloy, Éireannach, a chónaigh i Nua Eabhrac agus mar a tháinig sé slán ó 20 iarracht chun é a dhúnmharú!

Le haghaidh tuilleadh eolais:
Natasha Fennell, Stillwater Communications
T: 087 290 4658/ 01 677 0630/  R: natasha@stillwater.ie

Helena Mullins, Stillwater Communications
T: 0877564944/ R: helena@stillwater.ie

Féach ar an aguisín thíos le haghaidh liosta iomlán na mbuaiteoirí.

GRADAIM CHUMARSÁIDE AN OIREACHTAIS 2016
Na Buaiteoirí

TEILIFÍS: SRAITH TEILIFÍSE NA BLIANA
EIPICMagamedia

TEILIFÍS: SCANNÁN / CLÁR TEILIFÍSE NA BLIANA
Deoch an DoraisMagamedia

TEILIFÍS: CRAOLTÓIR TEILIFÍSE NA BLIANA
Síle Nic ChonaonaighDúiche, TG4

AISTEOIR NA BLIANA
Tara BreathnachAn mháthair i Maidhm

RAIDIÓ: CLÁR / SRAITH RAIDIÓ NA BLIANA
Bláthnaid LibhRTÉ Raidió na Gaeltachta

RAIDIÓ: CRAOLTÓIR RAIDIÓ NA BLIANA
Rónán Mac Aodha BhuíRTÉ Raidió na Gaeltachta

IRISEOIR/COLÚNAÍ NA BLIANA
Alan TitleyThe Irish Times

LÁITHREÁN GRÉASÁIN NA BLIANA
www.tg4.ieTG4

GEARRSCANNÁN NA BLIANA
Snámh in aghaidh Easa Meangadh Fíbín

BUAIC-GHRADAM CUMARSÁIDE AN OIREACHTAIS
TG4 20 Bliain ar an bhfód