An Taighde Gréasánaíochta go dtí seo

Nuacht | An tOireachtas

Táimid an-bhuíoch de na daoine ar fad a ghlac páirt i dtaighde na heagraíochta maidir le gréasáin na nGael.  Faisnéis an-luachmhar atá ann dúinn agus stráitéis ghréasánaíochta idir lámha againn. San iomlán, ghlac 1,280 duine páirt sa taighde agus fuaireamar freagraí ó gach contae sa tír chomh maith le líon an-bheag freagraí thar sáile ó Mheiriceá Thuaidh, ón Eoraip, ón Nua Shéalainn agus ón Áise.  Níor chuir sé aon iontas orainn gur as Co. Bhaile Átha Cliath a tháinig an líon ba mhó freagróirí ó tharla gur ansin atá an daonra is mó, ach nuair a rinneamar an comhaireamh i gcomhréir an daonra sna contaetha ar fad, ba iad muintir Chill Chainnigh a chuaigh go barr an liosta.  Go raibh míle maith agaibh uile!

Tá anailís ghéar á dhéanamh ar na torthaí faoi láthair agus, ag an bpointe seo, is léir go bhfuil go leor de na torthaí sin thar a bheith suimiúil, ina measc, na difríochtaí idir gréasáin na mban agus gréasáin na bhfear, na difríochtaí idir na haoisghrúpaí éagsúla agus na gréasáin lena mbaineann siad; agus bhí an ghné thíreolach thar a bheith suntasach freisin.  Seo sracfhéachaint bheag ar chuid de na figiúirí a bhfuilimid ag tnúth le tuilleadh iniúchadh a dhéanamh orthu:

  • 99% de na freagróirí san aoisghrúpa 18 – 24 a dúirt go raibh siad iomlán líofa sa Ghaeilge nó go raibh Gaeilge an-mhaith acu, ach is taobh amuigh den teaghlach a d’fhoglaim 56% acu Gaeilge;
  • 55-64 agus 64+ iad na haoisghrúpaí ba mhó a bhí rannpháirteach i ngréasáin cheoil agus damhsa; agus
  • 54% de na bhfreagróirí a bhí rannpháirteach i ngréasáin Ghaeilge ar líne agus bhí teagmháil laethúil nó cúpla uair sa tseachtain eathartu.

Beimid ag díriú isteach ar na céad chéimeanna eile den phróiseas taighde anois, is é sin grúpaí fócais agus agallaimh a reáchtáil chun eolas níos doimhne i dtaca leis na freagraí a bhailiú. Beidh gach eolas á thuairisciú ar www.greasain.ie de réir mar a bheimid ag dul ar aghaidh leis an taighde.