Mná a Thóg a gClann le Gaeilge sna 60aidí, 70óidí & 80óidí á gCuardach

An bean nach as an nGaeltacht thú, a thóg do chlann le Gaeilge sna seascaidí, seachtóidí nó ochtóidí? Más ea, tá Ríonach Ní Néill ag iarraidh labhairt leat faoin taithí sin agus faoi do dhearcadh ar an saol.

Tá togra ealaíne faoin ábhar seo idir láimhe ag Oireachtas na Gaeilge i gcomhar leis an damhsóir Ríonach Ní Néill, a bheidh ag cruthú saothair úir bunaithe ar chomhráití leis na mná seo. Tá spéis ag Ríonach i bpáirt na mban i gcruthú agus i gcothú an Stáit le 100 bliain  anuas , an ról a bhí acu i gcur i  gcrích fhís mhná agus fhir 1916, ról nach n-aithnítear sách minic.

Tá spéis ar leith agam sna mná nach as an nGaeltacht iad ach a shocraigh go raibh siad ag dul a gcuid bpáistí a thógáil le Gaeilge, ainneoin na deacrachtaí a bhí bainteach leis an gcinneadh sin’ a  deir Ríonach.

Beidh deis ag mná as Gaillimh agus as Baile Átha Cliath a bheith páirteach sa togra seo. Tiocfaidh mná na Gaillimhe le céile maidin Dé Céadaoin ag 11am, in Indreabhán i gConamara nó i nGaillimh, ag braith ar éileamh, ag tosú Dé Céadaoin 5 Deireadh Fómhair; agus tiocfaidh mná Bhaile Átha Cliath le céile le linn na seachtaine dár tús 24 Deireadh Fómhair. Is ócáidí neamhfhoirmeálta a bheidh ann, beidh cupán tae agus cácaí ar fáil agus beidh deis ag na mná a gcuid taithí agus a gcuid tuairimí a roinnt lena chéile.

Tá an togra seo á mhaoiniú ag an Community Foundation for Ireland mar chuid de chomóradh 1916.

Más spéis leat a bheith páirteach sa togra neamhchoitianta seo, ní gá ach glaoch a chur ar Majella san Oireachtas ag 087 9776852, no ríomhphost a chur chuici ag majella@antoireachtas.ie.

CRÍOCH
Tuilleadh Eolais: Majella Ní Chríocháin
087 9776852
majella@antoieachtas.ie