Clár na gComórtas Ardáin d’Oireachtas na Samhna 2017 fógartha

D’fhógair an tOireachtas inniu (Dé Céadaoin, 29 Márta 2017) Clár na gComórtas Liteartha 2017. Fiche seacht (27) comórtas atá ar chlár na bliana seo – seacht déag (17) acu sin dírithe ar scríbhneoirí fásta agus deich gcinn (10) dírithe ar scríbhneoirí óga. Tá réimse leathan seánraí i gceist sa chlár comórtas, iad seo ina measc: úrscéal, gearrscéal, ficsean d'fhoghlaimeoirí fásta, léirmheastóireacht, prós, filíocht, scríbhneoireacht scripte (don teilifís), dráma, agallamh beirte agus eile. 

“Bliain i ndiaidh bliana, tugann ard-chaighdeán na n-iarratas ar Chomórtais Liteartha an Oireachtais ardú meanma dúinn agus táimid ag súil le scoth na nua-scríbhneoireachta a fheiceáil arís i 2017,” arsa Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais. “Tá scríbhneoirí cumasacha, ardcruthaitheacha ag soláthar ábhar léitheoireacht Gaeilge i gcónaí agus tugann na comórtais liteartha spreagadh do scríbhneoirí seanbhunaithe, do scríbhneoirí úra agus don ghlúin óg leanúint lena ar aghaidh go muiníneach lena saothar,” a dúirt sé.

Tá Comórtais Liteartha an Oireachtais ar an bhfód ón mbliain 1897 agus tugann siad aitheantas agus ardán thar a bheith luachmhar do scríbhneoirí úra chomh maith le scríbhneoirí fadbhunaithe. Tá cuid de mhórscríbhneoirí an chéid seo caite, Pádraig Mac Piarais, Máirtín Ó Cadhain agus Nuala Ní Dhomhnaill i measc iar-bhuaiteoirí na gcomórtas seo.

Is é an spriocdháta iontrála 1 Iúil 2017 agus is féidir d’iarratas a dhéanamh ar líne ag https://pangr-comlit.herokuapp.com/ nó é a sheoladh chuig: Comórtais Liteartha an Oireachtais, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.

Le haghaidh tuilleadh eolais:
Louise Ní Dháibhéid, Oireachtas na Gaeilge
T: 01 4753857
R: louise@antoireachtas.ie