Clár na gComórtas Ardáin d’Oireachtas na Samhna fógartha

D’eisigh an tOireachtas inniu (Dé Céadaoin, 10 Lúnasa 2016) Clár na gComórtas Ardáin d’Oireachtas na Samhna 2016. Beidh an fhéile ag filleadh ar Chill Airne i mbliana ó 2 – 6 Samhain agus tá na hullmhúcháin faoi lán seoil.

Tá breis agus dhá scór comórtas ar chlár na bliana seo – fiche haon (21) acu sin dírithe ar iomaitheoirí óga agus fiche haon (21) acu dírithe ar iomaitheoirí fásta, ina measc: amhránaíocht ar an sean-nós, rince aonair ar an sean-nós, agallamh beirte, lúibíní, scéalaíocht, dreas cainte, uirlisí ceoil agus eile. 

Ná déan dearmad go bhfuil ráta speisialta lóistín ar fáil in Óstán Gleneagle do lucht freastail an Oireachtais. Níl an ráta seo ar fáil ar an idirlíon agus moltar duit glaoch a chur ar an Óstán, nó ríomhphost a chur chucu ag déanamh soiléir gur ag freastal ar an Oireachtas a bheidh tú.

Is é an spriocdháta iontrála Déardaoin, 15 Meán Fómhair 2016, agus is féidir d’iarratas a sheoladh isteach chugainn ar líne ag www.antoireachtas.ie nó é a sheoladh  chuig: Comórtais Ardáin 2016, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.

Le haghaidh tuilleadh eolais:
Louise Ní Dháibhéid, Oireachtas na Gaeilge        T: 01 4753857         R: louise@antoireachtas.ie