Comórtas d’Fhoilsitheoirí Leabhar Gaeilge do Dhaoine Óga fógartha ag an Oireachtas

D’fhógair An tOireachtas inniu (26 Iúil 2016) sonraí an chomórtais, Gradam Réics Carló 2016. An aidhm atá ag Gradam Réics Carló ná leabhair Ghaeilge do leanaí agus do dhéagóirí óga (suas go 15 bliana d’aois)  a chur chun cinn agus aitheantas a thabhairt don chuid is fearr acu siúd a foilsíodh idir 15 Meán Fómhair 2015 – 31 Lúnasa 2016. Glacfar le hiarratais anois suas go dtí Dé Céadaoin, 31 Lúnasa 2016.

“Is cúis áthais dúinn Gradam Réics Carló a fhógairt arís i mbliana. Bíonn ríméad orainn i gcónaí faoi chaighdeán ard na n-iarrachtaí a thagann isteach don chomórtas seo agus táimid ag súil go mór le leabhair na bliana seo a fheiceáil agus a léamh”, a deir Stiúrthóir an Oireachtais, Liam Ó Maolaodha. “Ar ndóigh, tá sé ríthábhachtach go mbeadh na leabhair Ghaeilge a fhoilsítear i saol iomaíoch an lae inniu ar chaighdeán chomh hard agus, go deimhin níos airde, ná aon leabhair a fhoilsítear i dteangacha eile.  Tugann Gradam Réics Carló aitheantas do dhea-chleachtais, do chruthaíocht agus do chur i láthair proifisiúnta ag gach aon leibhéal den phróiseas a bhaineann le leabhar a ullmhú don mhargadh”, a deir sé.

Fógrófar an gearrliosta i mí Dheireadh Fómhair agus bronnfar Gradam Réics Carló ag ócáid speisialta le linn Oireachtas na Samhna i gCill Airne, Co. Chiarraí, 2 Samhain 2016. Tá duais €3,000 ar fáil don fhoilsitheoir, €1,000 ar fáil don ealaíontóir agus €1,000 ar fáil d’údar. 

Is féidir d’iarratas a sheoladh chuig: Gradam Réics Carló, An tOireachtas, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.

Le haghaidh tuilleadh eolais:

Louise Ní Dháibhéid, An tOireachtas        T: 01 475 3857         R: louise@antoireachtas.ie