Comórtas Gearrscannáin fógartha ag an Oireachtas

D’fhógair An tOireachtas comórtas nua gearrscannáin i mBaile Átha Cliath inniu (14 Márta 2016) mar chuid den fhorbairt atá beartaithe ar Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais. Tá an comórtas seo oscailte do scannáin úra Gaeilge nach rachaidh thar 30 nóiméad, ag cur teidil chreidiúna san áireamh agus ní mór iad a bheith déanta, nó tugtha chun críche, sa tréimhse idir 1 Márta 2015 agus 5 Aibreán 2016.  Níl aon teora sa chomórtas maidir le seánra, téama, buiséad ná teicníochta de.

“Is cúis áthais dúinn an Comórtas Gearrscannáin nua a fhógairt mar chuid de Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais”, a dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais. “Tugann an comórtas seo ardán nua d’ealaín an ghearrscannáin agus cuireann sé deis thábhacht ar fáil do scannánóirí Gaeilge a gcuid saothar agus tallainne a chur os comhair an mhórphobail agus na meán Gaeilge araon,” a deir sé.  Beidh taispeáint phoiblí de na scannáin a bhainfidh an gearrliosta amach in Óstán Bhóthar na Trá, Gaillimh, tráth bronnta Ghradam Chumarsáide an Oireachtais, Dé hAoine, 13 Bealtaine 2016.

Ní mór na scannáin a bheith ar chaighdeán MP4 agus fáilteofar roimh iontrálacha ar líne, trí YouTube nó Vimeo, mar shampla, ach an seoladh gréasáin cuí a bhreacadh isteach ar an bhfoirm iontrála.

Is é an spriocdháta iontrála don chomórtas gearrscannáin ná Dé Máirt, 5 Aibreán 2016. Glacfar le hiontrálacha ar líne nó sa phost ach ní mór foirm iontrála a bheith le gach aon iontráil, mar aon leis an táille iontrála €20 (má bhíonn níos mó ná iontráil amháin agat is €10 a bheidh mar tháille iontrála don dara scannán agus €5 do gach scannán ina dhiaidh sin).

Má tá spéis agat cur isteach ar an gcomórtas, tá foirmeacha ar fáil ar líne nó íoslódáil leagan PDF anseo.

Tuilleadh eolais:
Louise Ní Dháibhéid
01 475 38 57
louise@antoireachtas.ie