Duaiseanna Liteartha & Gradaim Foilsitheoireachta Bronnta

Nuacht | An tOireachtas

Inniu (31 Deireadh Fómhair 2018) in Óstán Brehon i gCill Airne, Co. Chiarraí, a cuireadh tús oifigiúil le Príomhfhéile Náisiúnta na nGael, Oireachtas na Samhna, agus leanfaidh an ceiliúradh ar aghaidh go dtí Dé Domhnaigh seo chugainn (4 Samhain 2018).

“Tá Gaeltacht an Oireachtais ag preabadh le scléip agus le suáilce”, a dúirt Uachtarán an Oireachtais, Máirín Uí Chonghaile, agus í ag bronnadh Duaiseanna Liteartha an Oireachtais.  “Tráthnóna inniu táimid ag onórú na scríbhneoirí agus na bhfoilsitheoirí, an buíon díograiseach, cruthaitheach, sin a chuireann seirbhís riachtanach ar fáil do phobal na Gaeilge, do tuismitheoirí atá ag tógáil clann le Gaeilge, do mhúinteoirí a bhíonn de shíor sa tóir ar ábhar tarraingteach le spéis a gcuid daltaí a mhúscailt agus a chothú; dúinn féin a bhíonn ag lorg leabhair fiúntacha, bídís trom nó éadrom! Níl forás in ndán don Ghaeilge gan a saothar siúd agus ghabhaimid buíochas leo.”

Bronnadh 36 duais ar fad ar scríbhneoirí Gaeilge ag ócáid na bliana inniu.  I measc na nduaiseoirí móra bhí Proinsias Mac a' Bhaird as Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall ar bronnadh duais de €3,000 air dá úrscéal Tairngreacht agus Alan Titley as Glasnaíon, Baile Átha Cliath a fuair €3,000 freisin dá shaothar próis LÚBA. (Tá liosta iomlán na mbuaiteoirí liteartha leis seo.)

“Tá clár cuimsitheach imeachtaí againn ag an bhféile,” a dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir Náisiúnta an Oireachtais, “a bhformhór dírithe ar na taibh-ealaíona traidisiúnta ach feidhmíonn An tOireachtas freisin mar fhóram dioscúrsa i dtaca le sain-ábhair a bhaineann leis an nGaeilge agus le pobail labhartha na Gaeilge.  I measc na n-imeachtaí a bheidh dírithe ar an ngné sin tá Seimineár Poiblí á reáchtáil ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, faoin bPlean Gníomhaíocht 2018 – 2022; beidh an Seanadóir Pádraig Ó Céidigh ag seoladh tuairisc dar teideal “Próifíl Shocheacnamaíoch na Seacht gCeantar Gaeltachta in Éirinn”, agus beidh seimineár bliantúil Chonradh na Gaeilge ag tabhairt aghaidh ar thodhchaí na Gaeltachta agus a bhfuil i ndán di.

Is é Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, Pól Ó Gallchóir, a bhronn na Gradaim Foilsitheoireachta. Bronnadh Gradam Uí Shúilleabháin, ar shaothar de chuid Liam Uí Muirthile, an t-údar iomráiteach a bhásaigh níos túisce i mbliana, dá shaothar OILITHREACH PINN, a d’fhoilsigh Cois Life.  Is ar an Teach Foilsitheoireacht, Futa Fata, a bronnadh Gradam Réics Carló don saothar BLIAIN NA nAMHRÁN le Tadhg Mac Dhonnagáin.

I measc na mórócáidí eile bheidh ar siúl inniu tá Ócáid Bhronnta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2018 a bheidh ar siúl san INEC i gCill Airne agus beidh Siún Ní Dhuinn, RTÉ le feiceáil ar www.tg4.tv ag labhairt le haíonna agus iad ag siúl an Chairpéid Dheirg isteach chuig an Searmanas Bronnta.  Beidh clúdach cuimsitheach á dhéanamh ar imeachtaí uile na féile ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, TG4, Ardáin Digiteacha RTÉ, Meon Eile, Raidió na Life, Raidió Fáilte, Tuairisc.ie agus www.tg4.tv.

Tuilleadh Eolais:
Máirín Nic Dhonnchadha
(087 223 2094)
mairin@antoireachtas.ie 

Aisling Nic Artáin
(085 779 4555)
aisling@antoireachtais.ie