Ealaíontóir le bheith ag Obair le Gaeilgeoirí An Droichid Nua i nGaillimh

Caithfidh an t-ealaíontóir as Conamara, Nuala Ní Fhlathúin, Mí Lúnasa ag obair le Gaeilgeoirí ón bpobal beag tuaithe ar an Droichead Nua, i nGaillimh ar thogra neamhchoitianta ealaíne. Le linn na tréimhse seo, atá á reáchtáil ag Oireachtas an Gaeilge mar chuid dá sraith ‘Glór agus Fís 1916’,  pléifear an Ghaeilge mar theanga bheo taobh amuigh den Ghaeltacht agus tábhacht na teanga sa saol coitianta, 100 bliain tar éis an Éirí Amach.

Dúirt Majella Ní Chríocháin ón Oireachtas: ‘Tabharfaidh an togra seo deis do Ghaeilgeoirí in oirthear na Gaillimhe machnamh a dhéanamh ar ról na Gaeilge ina saol féin, agus tabharfaidh sé deis dúinn aitheantas a thabhairt don pháirt a ghlac na daoine seo i gcaomhnú teanga agus cultúir na nGael.’

Is í Sheila Flanagan, ar léi Artfarm, ionad cónaithe d’ealaíontóirí i gCluain Caoin, a bheidh ag éascú an togra go háitiúil. ‘Táim thar a bheith sásta bheith ag óstáil an togra seo. Bhí Béal Átha Ghártha agus Ballaghlea mar chuid den Bhreac Ghaeltacht fadó agus beidh sé spéisiúil mar sin cuid den fhéiniúlacht seo a nochtadh arís. Ceapaim go bhféadfadh an togra seo comhráití a spreagadh agus seans go spreagfaidh sé daoine glacadh arís le gné dínn féin atá dearmadta le fada an lá.’

Casfaidh Nuala le Gaeilgeoirí áitiúla agus oibreoidh sí leo ar phíosa nua ealaíne a chruthú agus a chuirfear ar thaispeáint go háitiúil sa bhfómhar. Mar chéim tosaigh, beidh seastán aici ag Aonach  Bhéal Átha Ghártha, Dé Luain, 1 Lúnasa, agus cuirfear fáilte roimh éinne a bhfuil spéis acu tuilleadh eolais  a fháil faoin togra teacht chomh fada léi  agus labhairt  léi ar an lá. ‘Táim ag súil go mór le casadh le cainteoirí Gaeilge i gCluain Caoin agus i mBéal Átha Ghártha agus tá súil agam go mbainfidh gach duine a bheidh páirteach sa togra seo taitneamh as agus gur tréimhse chruthaitheach a bheidh ann.,’  a dúirt Nuala.

Tuilleadh eolais:

Majella Ní Chríocháin, Oifigeach Imeachtaí & Forbairt Freastail 087 977 6852 

Nuala Ní Fhlathúin: 087 227 0006

Sheila Flanagan 087 2141170 artfarmireland@gmail.com

 

Nótaí don eagarthóir:

Bunaíodh Oireachtas na Gaeilge i 1897, leis an nGaeilge agus le cultúr agus ealaíona na nGael a chur chun cinn.

Is le Sheila Flanagan é ARTFarm, áit a bhfuil teach beag feirme féin freastal, le spás stiúideo (scioból  mór oscailte, leabharlann/stiúideo taobh istigh and ceardlann.)

Is sraith tograí ealaíon í Glór agus Fís 1916 atá á reáchtáil ag Oireachtas na Gaeilge le mná agus fir 1916 a cheiliúradh. Tá sí maoinithe ag Community Foundation for Ireland/Dún Laoi Fund.