Os Cionn 20 Féasta Sráide á Reáchtáil ag Pobail Thart Timpeall na Tíre

Nuacht | An tOireachtas

Tá 21 Féasta Sráide Ghaelacha á reáchtáil Dé Domhnaigh seo chugainn 10 Meitheamh ag grúpaí éagsúla thart timpeall na tíre ó Lios Tuathail go Machaire Fíolta, agus ó Los Angeles go Dún Bóinne.  Is sraith lónta pobail é Féasta Sráide ina dtagann daoine le chéile ar shráideanna, i bpáirceanna, i ngarrantaí, i hallaí pobail nó i gcarrchlóis. Tógann gach duine rud le n-ithe leo agus roinntear an béile le chéile.

Mar a deir Majella Ní Chríocháin, Oireachtas na Gaeilge:

‘Tá ríméad orainn go bhfuil spéis léirithe ag an oiread sin grúpaí Féasta Sráide a reáchtáil ina gceantar féin.  Is deis iontach é seo do ghrúpaí pobail agus áitiúla, do Ghaelscoileanna, do chomharchumainn Ghaeltachta agus do ghrúpaí Gaeilge i gcoitinne páirt a ghlacadh in ócáid thaitneamhach, shóisialta Ghaeilge a bheidh á cur chun cinn go náisiúnta.

Ceann de na rudaí is tarraingtí faoin bhFéasta Sráide ná go bhfuil sé dírithe ar an teaghlach agus ar an bpobal uile, agus ní mórán ócáidí na laethanta seo a bhíonn dírithe ar gach aois ghrúpa agus ar gach duine. Is coincheap simplí atá ann atá dírithe ar chomharsana a thabhairt le chéile, cairdeas a spreagadh agus meanma an phobail a ardú.  Is bealach iontach é freisin leis an nGaeilge a cheiliúradh agus a chur chun chinn le linn Bhliain na Gaeilge.’

Tá fáilte roimh Ghaeilgeoirí ag gach ceann de na Féastaí Sráide, ní gá ach bia a thabhairt leat! Tá liosta de na Féastaí uile ar leathanach facebook an Oireachtais ag  https://www.facebook.com/oireachtas.nagaeilge/

Baile Contae Am Ionad Eagraí
Ard Mhacha Ard Mhacha 12.30pm An Phrióireacht, An Binn Bhorb Cairde Teo.
Sord Baile Átha Cliath 2.00pm Páirc Cuimhneacháin Uí Laighléas, Bóthar an Inbhir CLG Fine Ghallainn
Béal Feirste Béal Feirste 12.00pm An Droichead, Sráid Chúic An Droichead
Muinchille Cabhán 1.00pm Halton's Lake, Bóthar Mhuineacháin Gaeil Muinchuille
Lios Tuathail Ciarraí 5.00pm Christys The Well Glór na nGael
Baile na Croise, Machaire  Fíolta Doire 2.30 - 6.00pm An Mheitheal 82 Bóthar na Sé Bhailte Glór na Spéiríní
Machaire Rátha Doire 9.00 - 1.00pm An Coire, 132a Br. Thír Chiana An Carn
Fánada Dún na nGall 3.00pm Cnoc Glas, An Seanach Dubh Gaeltacht Fhánada
Gaoth Dobhair Dún na nGall 3.00pm 3pm Amarchlann Ghaoth Dobhair ComharchumannGhaoth Dobhair
Dobhair Dún na nGall 6.00pm Ionad Naomh Pádraig, Dobhar Cumann na bhFiann
Maigh Cuilinn Gaillimh 2.00 - 6.00pm Teach Cóiste Gaeilge Mhaigh Cuilinn
Rosmuc Gaillimh 6.00pm An Chrannóg Cumann na bhFiann
Dún Búinne An Mhí 3.00pm Old Fair Green Cumann Cónaitheoirí
Ráth Cairn An Mhí 6.00pm Ionad Pobail Cumann na bhFiann
Droim Rí An Mhí 6.00pm Ionad Chumann na bhFiann Cumann na bhFiann
Oileán an Ghuail Tír Eoghain 4.00 - 6.00pm Ionad an Pharóiste Cairde Uí Néill
Los Angeles Meiriceá Thuaidh 12.00-3.30pm Irish Fair 6950 Marine Way, Irvine, CA 92618 Conradh na Gaeilge, Los Angeles
An Srath Bán Tír Eoghan 2.30 - 5.30pm 31 Gairdíní Inis Fraoigh / 31 Innisfree Gardens,  BT82 8JD Seán agus Ríonach Ó Daimhín
Ar an 17 Meitheamh        
Rialto Baile Átha Cliath 2.00pm 7 Glenmalure Villas, Rialto Annie Ó Breachián
Saintfield An Dún Le deimhniú   CLG Carryduff
An Uaimh/Navan An Mhí 1.00 - 4.00pm   Gaelscoil Éanna

Tuilleadh eolais:
Majella Ní Chríocháin
Oifigeach Imeachtaí & Forbairt Freastail
+353 (0)87 977 6852 | majella@antoireachtas.ie | www.antoireachtas.ie