Gearrliosta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2018 fógartha

Nuacht | An tOireachtas

D’fhógair An tOireachtas inniu (4 Meán Fómhair 2018) an gearrliosta do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2018. Naoi (9) gcatagóir atá ar chlár na ngradam i mbliana – roghnóidh painéal mholtóirí buaiteoirí do sheacht (7) gcatagóir ach is ar bhonn vóta poiblí a roghnófar Réalta Óg na Bliana. Eiseofar an gearrliosta sin agus sonraí maidir leis an vóta poiblí Dé Máirt, 11 Meán Fómhair. Fógrófar buaiteoir Bhuaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais Dé Máirt, 23 Deireadh Fómhair, seachtain roimh an searmanas bronnta.

Déanfar ceiliúradh ar 20 bliain Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais i mbliana. Tugann na Gradaim Chumarsáide aitheantas do shár-chaighdeán, do chruthaitheacht agus don nuálaíocht a léirítear in earnáil na cumarsáide Gaeilge. Cuireadh tús le catagóir nua i mbliana – Feachtas Meán Sóisialta na Bliana.

“Déanaim comhghairdeas ó chroí le gach aon duine atá ainmnithe ar an ngearrliosta”, arsa Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais. “Tá ríméad orainn go bhfuil muid ag ceiliúradh 20 bliain de na Gradaim i mbliana. Tá fás agus forbairt dochreidte tagtha ar earnáil na meán cumarsáide Gaeilge ó chuir An tOireachtas tús leis na gradaim seo 20 bliain ó shin agus tá áthas orainn, mar eagraíocht, a bheith bainteach leis sin. Athraítear patrúin i ngach gné den saol agus shíl muid go raibh sé rí-thábhachtach go mbeadh aitheantas cuí á thabhairt do na meáin shóisialta i mbliana,” a deir sé.

Reáchtálfar an 20ú searmanas bronnta san INEC i gCill Airne, Co.  Chiarraí, Dé Céadaoin, 31 Deireadh Fómhair 2018 áit a ndéanfar ceiliúradh ar lucht déanta na gclár, iriseoirí, láithreoirí agus daoine eile san earnáil a bhfuil éacht déanta acu le bliain anuas.

Tá an gearrliosta iomlán ar fáil thíos.

Le haghaidh tuilleadh eolais:
Máirín Nic Dhonnchadha, An tOireachtas
T: 01 4753857
R: mairin@antoireachtas.ie

Sraith Teilifíse na Bliana

  • An Focal Scoir - Below The Radar
  • Beidh Mé Ar Ais - Adare Productions
  • Cúl Stáitse - Aniar TV
  • Camino an tSáile - Anú Pictures
  • GAA Nua - Meangadh Fíbín
  • Grace Harte - Wildfire Films

Clár Teilifíse / Scannán na Bliana

  • Murdair Mhám Trasna - ROSG
  • Rocky Ros Muc - Below The Radar
  • Anseo i Lár an Ghleanna - Mordán
  • Song of Granite - Marcie Films, Amerique Film Production le Harvest Films, South Wind Blows, Roads Entertainment

Pearsa Teilifíse na Bliana

  • Anna Maria Nic Dhonnchadha - Bobbi Lee: Ros na Rún
  • Caitlín Nic Aoidh - Láithreoir: TG4
  • Brian Tyers - GAA BEO: TG4
  • Máire Bhreathnach - An Focal Scoir: BBC Thuaisceart Éireann
  • Micheál Ó Ciaraidh - Láithreoir: TG4

Sraith Raidió na Bliana

  • Adhmhaidin - RTÉ Raidió na Gaeltachta
  • Seo an saol - BBC Raidió Uladh
  • An Spota Dubh - Raidió na Life
  • Bláthnaid Libh - RTÉ Raidió na Gaeltachta
  • Blas - BBC Raidió Uladh

Pearsa Raidió na Bliana

  • Helen Ní Shé - RTÉ Raidió na Gaeltachta
  • Rónán Mac Aodha Bhuí - RTÉ Raidió na Gaeltachta
  • Niamh Ní Shúilleabháin - Raidió na Life
  • Máirín Ní Ghadhra - RTÉ Raidió na Gaeltachta
  • Bláthnaid Ní Chofaigh - RTÉ Raidió na Gaeltachta

Iriseoir na Bliana

  • Seán Mac an tSíthigh - RTÉ agus TG4
  • Cormac Ó hEadhra - RTÉ Raidió na Gaeltachta
  • Gormfhlaith Ní Thuairisg - RTÉ Raidió na Gaeltachta
  • Cóilín Ó Neachtain - RTÉ Raidió na Gaeltachta

Feachtas Meán Sóisialta na Bliana

  • #Nílsécgl - Ciara Ní É
  • #Gaeilgechliste - Bláthnaid Libh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta
  • #anláseo - Molscéal, TG4
  • #MurdairMhámTrasna - ROSG