Gearrliosta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2019 fógartha

Nuacht | An tOireachtas

D’fhógair An tOireachtas inniu (4 Meán Fómhair 2019) an gearrliosta do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2019. Dhá chatagóir déag (12) atá ar chlár na ngradam i mbliana. Roghnóidh painéal mholtóirí buaiteoirí do dheich (10) gcatagóir ach is ar bhonn vóta poiblí a roghnófar Réalta Óg na Bliana. Eiseofar an gearrliosta sin agus sonraí maidir leis an vóta poiblí Dé Máirt, 10 Meán Fómhair 2019. Fógrófar buaiteoir Bhuaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais Dé Máirt, 22 Deireadh Fómhair 2019.

“Tréaslaím le gach duine atá ar ghearrliosta na bliana seo”, a dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais. ‘Léiriú ar fheabhas agus ar bhríomhaire na craoltóireachta Gaeilge is ea an líon ainmniúchán agus an caighdeán saothar atá á gcur isteach gach aon bhliain,” a deir sé.

Aitheantas ar shár-chaighdeán, ar chruthaitheacht agus ar nuálaíocht in earnáil na cumarsáide Gaeilge is ea Gradaim Chumarsáide an Oireachtais. I mbliana, le tacaíocht úr ó Údarás Craolacháin na hÉireann, tá dhá ghradam nua atá dírithe go speisialta ar raidiónna pobail agus ar raidiónna tráchtála le bronnadh chun a chinntiú nach ndéanfar faillí orthu siúd i meáin an Bhéarla atá ag freastal ar phobal éisteachta Gaeilge. 

“Tá aitheantas ag dul d’ardchaighdeán craoltóireachta sna meáin uile”, a dúirt Michael O’Keefe, Príomhfheidhmeannach Údarás Craolacháin na hÉireann, “agus is cúis áthais d`Údarás Craolacháin na hÉireann an chomhpháirtíocht le An tOireachtas a threisiú agus urraíocht a dhéanamh ar dhá ghradam nua dírithe ar na raidiónna tráchtála agus na raidiónna pobail.   Déanaim comhghairdeachas ó chroí le gach duine a bhain amach an gearrliosta agus guím gach rath orthu ag an Searmanas Bronnta.”

Reáchtálfar an 21ú searmanas bronnta in Óstán Citywest, Co. Bhaile Átha Cliath, Dé Céadaoin, 30 Deireadh Fómhair 2019 áit a ndéanfar ceiliúradh ar lucht déanta clár, iriseoirí, láithreoirí agus ceannródaithe na hearnála cumarsáide. Beidh clár speisialta beo á chraoladh ar TG4 ón ócáid tráth a mbeidh aíonna ar an gCairpéad Dearg á gcur faoi agallamh ag iad ag triall ar an Searmanas Bronnta.

Le haghaidh tuilleadh eolais:
Louise Ní Dháibhéid, An tOireachtas
T: 00353 87 1005439
R: louise@antoireachtas.ie

GEARRLIOSTA - GRADAIM CHUMARSÁIDE AN OIREACHTAIS 2019

CLÁR RAIDIÓ NA BLIANA AR RAIDIÓ POBAIL

  • Gan Teorainn - Flirt FM
  • Gael Force Luimní - Limerick City Community Radio
  • Cúrsaí - Tipperary Mid West Community Radio
  • Ceol, Caint 's Comhrá - Rosses Radio - Guth na Rosann
  • Aon Scéal? - Phoenix FM
  • Ceol agus Caint - 103.2 Dublin City FM
  • Grianán Mhuire (Our Lady's Bower) Beo-Chraoladh Speisialta do Sheachtain na Gaeilge - Athlone Community Radio

CLÁR RAIDIÓ NA BLIANA AR RAIDIÓ TRÁCHTÁLA

  • Ruaille Buaille le Colm Feiritéar - Highland Radio
  • Splanc - Newstalk
  • Pop Raidió - Spin 1038

IRISEOIR NA BLIANA

  • Áine Ní Bhreisleáin - RTÉ Raidió na Gaeltachta
  • Méabh Ní Thuathaláin - Tuairisc.ie
  • Tomás Ó Mainnín - RTÉ & TG4
  • Shane Ó Curraighín - RTÉ & TG4
  • Caoimhe Ní Chathail - Meon Eile / Saor-Iriseoir

CLÁR TEILIFÍSE NA BLIANA

  • Tabú: Ag Teacht Slán - Midas Productions
  • Lomax in Éirinn - Aisling Productions
  • An Balla, Iosrael agus Palaistín - RONDO, JTV, ROSG
  • Scéal na Beatha - Below the Radar

PEARSA RAIDIÓ NA BLIANA

  • Sinéad Ní Uallacháin - RTÉ Raidió na Gaeltachta
  • Cuan Ó Flatharta - Newstalk
  • Rónán Mac Aodha Bhuí - RTÉ Raidió na Gaeltachta
  • Gormfhlaith Ní Thuairisg - RTÉ Raidió na Gaeltachta
  • Aindriú de Paor - RTÉ & Raidió na Life

SCANNÁN NA BLIANA

  • Finky - Abú Media
  • Iomramh an Chamino - Anú Pictures
  • Athrí - De facto Films / Zanzibar Films

SRAITH RAIDIÓ NA BLIANA

  • Blas - BBC Raidió Uladh
  • Tús Áite - RTÉ Raidió na Gaeltachta
  • Irischlár Nuachta - Raidió Fáilte
  • Meascra - RTÉ Raidió na Gaeltachta
  • Litreacha - BBC Raidió Uladh

FEACHTAS MEÁN SÓISIALTA NA BLIANA

  • #TáGaeilgeAgam - Molscéal, TG4
  • #FleadhTV - Gifted Empire
  • #AchtAnois - An Dream Dearg
  • #FADUDA - Paper Owl Films
  • #Gaelsnap - Conradh na Gaeilge

SRAITH TEILIFÍSE NA BLIANA

  • Bádóirí - Aniar TV
  • Finné - Magamedia
  • Síolscéalta - Saoi Media
  • Beidh Aonach Amárach - Crawford McCann Ltd
  • An Focal Scoir - Below the Radar

PEARSA TEILIFÍSE NA BLIANA

  • Síle Nic Chonaonaigh
  • Hector Ó hEochagáin
  • Mícheál Ó Dómhnaill
  • Doireann Ní Ghlacáin
  • Máire Bhreathnach