Gearrliosta Ghradam Réics Carló 2016 fógartha ag an Oireachtas

D’fhógair Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais, gearrliosta Ghradam Réics Carló 2016 inniu, 4 Deireadh Fómhair 2016. Tugann Gradam Réics Carló aitheantas do dhea-chleachtais, do chruthaíocht agus do chur i láthair proifisiúnta ag gach aon leibhéal den phróiseas a bhaineann le leabhar a ullmhú don mhargadh.

Gach dara bliain cuireann foilsitheoirí leabhar Gaeilge ó gach cearn den tír plúr a saothar ar aghaidh le bheith san iomaíocht don ghradam seo. I ndiaidh dian-iomaíochta, roghnaíodh cúig (5) leabhar do ghearrliosta na bliana seo: Lá leis na Lochlannaigh Máire Zepf, foilsithe ag Cois Life, scéal faoi heachtra spleodrach stairiúil tríd doras draíochta ag beirt ghasúir; Hata Zú Mhamó le Áine Ní Ghlinn, foilsithe ag Cois Life, scéal eachtraíochta a thugann muid ar cuairt spraíúil chuig an zú; Trixie agus Tony: An Madra Mistéireach le Patricia Mac Eoin, foilsithe ag Futa Fata, scéal bríomhar eile faoi Trixie, an marda cliste agus a cara Tony, an tréidlia a dtugann sí aire dó; Ná Gabh ar Scoil le Máire Zepf, foilsithe ag Futa Fata, scéalta greannmhara le carachtair thaitneamhacha, faoin chéad lá ar scoil/naíonra; agus, Éalú as an Lios le Aoife Ní Dhufaigh, foilsithe ag Leabhar Breac.  Sraith nua is ea Luisne Lios Lurgain faoi Luisne, sióg óg atá ina cónaí faoi Lios Lurgain i nDomhan na Sí. Agus í ag foghlaim faoi shaol na sí agus faoi dhomhan na ndaoine, tarlaíonn go leor eachtraí di féin agus dá cairde.

“Tá caighdeán na leabhar do pháistí chomh hiontach sin inniu go gcinnteoidh sé go leanfaidh daoine óga leo ag léamh leabhar Gaeilge agus ní haon eisceacht é gearrliosta 2016,” arsa Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge. “Tá scríbhneoirí agus ealaíontóirí den scoth ag feidhmiú trí Ghaeilge agus tugann an gradam seo deis dúinn éacht oibre na scríbhneoirí, na n-ealaíontóirí agus na bhfoilsitheoirí araon a cheiliúradh,” a dúirt sé.

Fógrófar buaiteoir Ghradam Réics Carló, chomh maith le buaiteoirí na gComórtas Liteartha ag ócáid speisialta ag Oireachtas na Samhna in Óstán Gleneagle, 2 Samhain 2016. Tá duais €3,000 ar fáil don fhoilsitheoir, €1,000 ar fáil d’ealaíontóir an leabhair agus €1,000 ar fáil d’údar an leabhair is fearr do dhaoine óga.

Tuilleadh eolais:
Louise Ní Dháibhéid, Oireachtas na Gaeilge      T: 01 4753857    R: louise@antoireachtas.ie
Natasha Fennell, Stillwater Communications     T: 01 6770630    R: natasha@stillwater.ie

 

Éalú as an Lios
Éalú as an Lios
Údar: Aoife Ní Dhufaigh
Ealaíontóir: Caomhán Ó Scolaí
Foilsitheoir: Leabhar Breac
Hata Zú Mhamó
Hata Zú Mhamó
Údar: Áine Ní Ghlinn
Foilsitheoir: Cois Life
Lá leis na Lochlannaigh
Lá leis na Lochlannaigh
Údar: Máire Zepf
Ealaíontóir: Olivia Golden
Foilsitheoir: Cois Life
Ná Gabh ar Scoil
Ná Gabh ar Scoil
Údar: Máire Zepf
Ealaíontóir: Tarsila Kruse
Foilsitheoir: Futa Fata
Trixie & Tony
Trixie & Tony
Údar: Patricia Mac Eoin
Ealaíontóir: Richard Watson
Foilsitheoir: Futa Fata