Gearrliosta na nGearrscannán fógartha

Inniu (26 Aibreán 2016) i mBaile Átha Cliath d’fhógair An tOireachtas na scannáin atá gearrliostaithe don ghradam ‘Gearrscannán na Bliana 2016’.  Is gradam nua é seo a bhronnfar i mbliana den chéad uair le hardán nua a thabhairt d’ealaín an ghearrscannáin agus chun aitheantas a thabhairt do na scannánóirí Gaeilge atá ag cruthú saothar ar ardchaighdeán.

Cúig (5) scannán atá ar an ngearrliosta:1916 - An Bheirt ón Rinn (RoseAnn & Catherine Foley); Snámh in aghaidh Easa (Meangadh Fíbín); Áiliu Iath n-hÉrend (Dónal Ó Céilleachair & Martina Durac); Scíth an Taistealaí (Aodhán Ó Maoileoin & Seán Mac Cárthaigh); agus Eadrainn féin (Mairéad Kiernan & Daithí Ó Cinnéide).

“Cúis ríméid dúinn an líon iontrálacha a fuaireamar don chatagóir nua seo,” a dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais. “Is léiriú é ar an bhfás ollmhór atá tagtha ar an seánra agus an tóir atá ag an bpobal air.  Bhíomar an-tógtha le caighdeán na n-iontrálacha i gcoitinne agus táimid ag tnúth le scoth na saothar a thaispeáint i nGaillimh lá bronnta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2016.”

Taispeánfar na gearrscannáin seo tráthnóna Dé Aoine, 13 Bealtaine 2016, in Óstán Bhóthar na Trá, Gaillimh. Fógrófar buaiteoir an chomórtais ag an Searmanas Bronnta níos deireanaí an oíche i dteannta na ngradam cumarsáide ar fad a bheidh á mbronnadh i mbliana. Tugann Gradaim Chumarsáide an Oireachtais aitheantas do scoth na saothar in earnáil na cumarsáide Gaeilge gach bliain.

Le haghaidh tuilleadh eolais:
Louise Ní Dháibhéid
An tOireachtas
6 Sráid Fhearchair
Baile Átha Cliath 2
F: (01) 475 3857
R: louise@antoireachtas.ie