Gearrliostaí na nGradam Foilsitheoireachta 2018 fógartha ag an Oireachtas

Nuacht | An tOireachtas

D’fhógair An tOireachtas inniu, 16 Deireadh Fómhair 2018, an liosta saothar atá ainmnithe ar na Gearrliostaí do Ghradam Uí Shúilleabháin agus do Ghradam Réics Carló 2018. Is Gradaim Fhoilsitheoireachta iad na gradaim seo a bhronntar ar fhoilsitheoirí Leabhar na Bliana do Dhaoine Fásta agus Leabhar na Bliana do Dhaoine Óga. Roghnaítear na buaic-shaothair de réir na gcritéar seo a leanas - fiúntas an ábhair; dearadh an leabhair; leagan amach an ábhair, idir théacs agus léaráidí ar na leathanaigh; caighdeán na clódóireachta; agus an chaoi a bhfreastalaíonn an foilseachán ar riachtanais léitheoireachta an phobail. 

Tar éis comórtas géar idir na leabhair ar fad, tá aon leabhar déag (11) roghnaithe ar ghearrliostaí na bliana seo - Sé (6) leabhar ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin agus seacht (7) leabhar ar ghearrliosta Ghradam Réics Carló. I measc na dtithe foilsitheoireachta a bhfuil leabhar ainmnithe acu ar ghearrliostaí na bliana seo tá, An tSnáthaid Mhór, Cló Iar-Chonnacht, Cois Life, Futa Fata, Leabhar Breac agus Móinín. Tá liosta iomlán den dá ghearrliosta ar fáil thíos.

‘Déanaim comhghairdeas ó chroí leis na foilsitheoirí uile atá ar ghearrliostaí na bliana seo’, a dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais. ‘Tá gairmiúlacht, ard-chaighdeán foilsitheoireachta agus paisean ag baint le gach aon leabhar atá ainmnithe agus tá ríméid orainn san Oireachtas an t-aitheantas cuí a thabhairt do na tithe foilsitheoireachta arís i mbliana. Ní raibh oiread rogha riamh ag léitheoirí na Gaeilge agus tréaslaím leis na foilsitheoirí an díograis a chaitear chun sár chaighdeán leabhair a fhoilsiú bliain i ndiaidh bliana.’

Fógrófar buaiteoirí Ghradam Uí Shúilleabháin agus Ghradam Réics Carló, chomh maith le buaiteoirí Chomórtais Liteartha an Oireachtais 2018 ag searmanas speisialta ag Oireachtas na Samhna in Óstán Brehon, Cill Airne, Co. Chiarraí Dé Céadaoin, 31 Deireadh Fómhair 2018. Bronnfar duais €5,000 ar fhoilsitheoir an leabhair a roghnófar do Ghradam Uí Shúilleabháin agus €2,500 ar údar an tsaothair. Bronnfar duais €5,000 ar fhoilsitheoir an leabhair a roghnófar do Ghradam Réics Carló, €1,250 ar údar an tsaothair agus €1,250 ar maisitheoir an tsaothair.

Tá eolas cuimsitheach maidir leis na leabhair ar fad ar fáil ag www.antoireachtas.ie/gradaim-fhoilsitheoireachta/

Tuilleadh eolais:
Louise Ní Dháibhéid, An tOireachtas
T: 01 4753857
R: louise@antoireachtas.ie