Gradaim Chumarsáide an Oireachtais 2016

Beidh Ócáid Bhronnta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2016 ar siúl Dé hAoine, 13 Bealtaine 2016, in Óstán Bhóthar na Trá, Gaillimh.

Is é Aengus Mac Grianna (RTÉ) a bheidh i mbun shearmanas an bhronnta agus beidh Loretta Ní Ghabháin ‘Ar an gCairpéad Dearg’ le labhairt le haíonna speisialta na hoíche ag trial ar Halla an tSearmanais dóibh.

Déanann Gradaim Chumarsáide an Oireachtais ceiliúradh ar ardchaighdeáin agus ar shár-iarrachtaí in earnáil na meán cumarsáide Gaeilge.  Tugann siad aitheantas do na hiriseoirí, na láithreoirí teilifíse & raidió, lucht déanta clár agus aisteoirí a bhfuil cion thar na bearta déanta acu le dhá mhí dhéag anuas.

Reáchtálfar comórtas nua i mbliana mar chuid de Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2016, Comórtas Gearrscannáin an Oireachtais. Glacfar le hiarratais don chomórtas seo suas go dtí 5.00 p.m. Dé Máirt, 5 Aibreán 2016 agus beidh taispeántas speisialta de na gearrscannáin a bheidh gearrliostaithe ar siúl in Óstán Bhóthar na Trá, tráthnóna la bronnta na nGradam Cumarsáide.  Iarrfar ar lucht déanta na saothar a bheith i láthair ag an taispeántas sin chun iad a chur os comhair an lucht féachana.

Bronnfar deich (10) ngradam ar an oíche, sna catagóirí  seo a leanas: Sraith Teilifíse; Scannán/Clár Teilifíse; Craoltóir Teilifíse; Aisteoir na Bliana; Clár/Sraith Raidió; Craoltóir Raidió; Iriseoir/Colúnaí; Láithreán Gréasáin; Réalta Óg na Bliana agus Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais.

Is é an pobal a bheidh ag roghnú Réalta Óg na Bliana agus cuirfear tús leis an vótáil don ghradam sin Dé Máirt, 5 Aibreán 2016, tráth a mbeidh an gearrliosta do na catagóirí ar fad á fhógairt.

Breis Eolais
Louise Ní Dháibhéid
(01) 475 3857