Gradaim Chumarsáide an Oireachtas 2015

Fógraíodh an Gearrliosta do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2015, maidin inniu (Dé Máirt, 24 Márta 2015) i mBaile Átha Cliath. Tá ocht (8) gcinn de chatagóirí na nGradam áirithe sa ghearrliosta seo: Sraith Teilifíse; Scannán/Clár Teilifíse; Craoltóir Teilifíse; Aisteoir; Clár/Sraith Raidió; Craoltóir Raidió; Iriseoir/Colúnaí agus Láithreán Gréasáin. Beidh 3 ghradam eile á bhronnadh ag an Searmanas Bronnta: Réalta Óg na Bhliana, a bheidh á roghnú ag an bpobal, Gradam Speisialta agus an Buaic-Ghradam Cumarsáide.

"Déanaim comhghairdeachas ó chroí le gach aon duine atá ainmnithe ar an ngearrliosta”, a dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais. "Tugann Gradaim Chumarsáide an Oireachtais aitheantas don éacht oibre a chuirtear i gcrích in earnáil na cumarsáide Gaeilge gach bliain agus is ábhar ríméid dom sár-chumas agus ardchaighdeán na n-aisteoirí, na n-iriseoirí, na láithreoirí agus an lucht déanta clár atá ar Ghearrliosta na bliana seo.”

Beidh an Ócáid Bhronnta ar siúl in Óstán Radisson i gCathair na Gaillimhe, Dé hAoine, 22 Bealtaine 2015, le siamsaíochta, ceol agus ceiliúradh, chomh maith le haíonna speisialta. Is í Loretta Ní Ghabháin a bheidh ‘Ar an gCairpéad Dearg’ ag labhairt le haíonna agus iad ag trial ar Halla an tSearmanais, agus, amhail ócáid na bliana seo caite, beidh an pobail in ann é seo agus an Searmanas Bronnta a leanúint ar shuíomh gréasáin www.antoireachtas.ie agus www.tg4.tv. Bronnfar duaiseanna ar na haíonna is galánta faisean ar an oíche chomh maith!

Beidh na ticéid chuig Ócáid Bhronnta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2015 ar díol tar éis na Cásca.

Féach thíos an Gearrliosta iomlán.

Breis Eolais  
Máirín Nic Dhonnchadha Loretta Ní Churraighín
(087 2232094) (085 1147 919)



GEARRLIOSTA GHRADAIM CHUMARSÁIDE AN OIREACHTAIS 2015

 

1. SRAITH TEILIFÍSE NA BLIANA
  • Corp + Anam (Magamedia)
  • Seó Spóirt (Sónta)
  • Ceolchuairt (Magamedia)
  • An Bronntanas (Rosg)
2. SCANNÁN/CLÁR TEILIFÍSE NA BLIANA
  • Bronntanas na Beatha (Below the Radar)
  • Cumann na mBan: Mná na Réabhlóide (Genefile)
  • Oíche na Gaoithe Móire (Lagan Media)
  • Katie (Sónta)
3. CRAOLTÓIR TEILIFÍSE NA BLIANA
  • Dara Ó Cinnéide (Seó Spóirt)
  • Tristan Rosenstock (Imeall)
  • Seán Mac a tSíthigh (Nuacht TG4)
  • Máire Treasa Ní Dhubhghaill (Rugbaí Beo)
  • Rónán Mac Aodha Bhuí (Rónán san Aifric)
4. AISTEOIR NA BLIANA
  • Diarmuid de Faoite (Corp + Anam)
  • Dara Devaney (An Bronntanas)
  • Sinéad Ní Fhlatharta (Corp + Anam)
  • Michelle Beamish (An Bronntanas)
  • Seán Ó Baoill (Ros na Rún)
5. SRAITH RAIDIÓ NA BLIANA
  • Teanga gan Ceol, Teanga gan Anam (Raidió na Life)
  • Cormac ag a Cúig (RTÉ Raidió na Gaeltachta)
  • Rónán Beo @ 3 (RTÉ Raidió na Gaeltachta)
  • Blas (BBC Raidió Uladh)
  • Splanc (Newstalk)
6. CRAOLTÓIR RAIDIÓ NA BLIANA
  • Máirín Ní Ghadhra (RTÉ Raidió na Gaeltachta)
  • Peadar Ó Caomhánaigh (Raidió na Life)
  • Michelle Nic Grianna (RTÉ Raidió na Gaeltachta)
  • Rónán Ó Muirthile (Newstalk)
7. IRISEOIR/COLÚNAÍ NA BLIANA
  • Maitiú Ó Coimín (tuairisc.ie)
  • Pádraig Mac Fhearghusa (Feasta)
  • Seán Tadhg Ó Gairbhí (tuairisc.ie)
  • Póilín Ní Chiaráin (tuairisc.ie)
8. LÁITHREÁN GRÉASÁIN NA BLIANA
  • Tuairisc.ie
  • Meon Eile
  • Nós
  • Cúla 4