Línte Vótála Oscailte do Réalta Óg na Bliana 2019

Nuacht | An tOireachtas

D’fhógair an tOireachtas inniu (10 Meán Fómhair 2019) an gearrliosta do Réalta Óg na Bliana. Seisear atá ainmnithe ar ghearrliosta na bliana seo. Is iad sin Gráinne Bleasdale (Junior Eurovision agus Ros na Rún, TG4), Seán Ó Ciardha (Ros na Rún agus BLOC TG4), Séamus Ó Scanláin (RTÉ Raidió na Gaeltachta agus TG4), Emma Ní Chearúil (Raidió na Life), Ola Majekodunmi (Raidió na Life) agus Caitríona Ní Dhomhnaill (Ros na Rún, TG4). Ba ar Damien Ó Dónaill (RTÉ Raidió na Gaeltachta), a bronnadh gradam Réalta Óg na Bliana 2018.

Is ar bhonn vóta poiblí a bhronnfar gradam Réalta Óg na Bliana. Beidh deis ag an bpobal vóta a chaitheamh dá rogha féin den seisear trí théacs a sheoladh. Dúnfar na línte vótála ag meán lae, Dé Máirt, 29 Deireadh Fómhair 2019. Is iad Púca urra an ghradaim seo.

“Déanaim comhghairdeas ó chroí leis na réaltaí óga atá ar ghearrliosta na bliana seo”, a dúirt Stiúrthóir an Oireachtais, Liam Ó Maolaodha. “Tugann gradam Réalta Óg na Bliana spreagadh agus uchtach do na daoine óga atá tosaithe amach in earnáil na meán cumarsáide Gaeilge agus ag déanamh a marc ann cheana féin. Guím gach uile rath orthu sa ghairm uasal seo agus tá súil agam gur chun leas ár sochaí a rachaidh a gcuid buanna breátha i gcónaí.”

Fógraíodh gearrliosta na gcatagóirí éagsúla eile ar 4 Meán Fómhair 2019 agus beidh  buaiteoir Bhuaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais 2019 á fhógairt Dé Máirt, 22 Deireadh Fómhair 2019.

Beidh Ócáid Bhronnta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2019 ar siúl in Óstán Citywest, Co. Bhaile Átha Cliath, Dé Céadaoin, 30 Deireadh Fómhair 2019 le linn Oireachtas na Samhna. Beidh clár speisialta beo á chraoladh ar TG4 ag 7.30 p.m. ón ócáid tráth a mbeidh aíonna ar an gCairpéad Dearg á gcur faoi agallamh agus iad ag triall ar an Searmanas Bronnta. Beidh an searmanas bronnta á sruthú beo ar líne ag www.tg4.tv chomh maith.   Tá gach eolas maidir leis na Réaltaí Óga ar fáil anseo.

Tá eolas maidir leis an gcóras vótála thíos.

EOLAS: Louise Ní Dháibhéid, An tOireachtas
E:
louise@antoireachtas.ie

Téacsáil an focal GRADAM agus UIMHIR chuig:
51500 ó Phoblacht na hÉireann, ó Thuaisceart Éireann nó ón mBreatain Mhór

Mar shampla, chun vótáil do:
Gráinne Bleasdale téacsáil GRADAM1
Seán Ó Ciardha téacsáil GRADAM2
Séamus Ó Scanláin téacsáil GRADAM3
Emma Ní Chearúil téacsáil GRADAM4
Ola Majekodunmi téacsáil GRADAM5
Caitríona Ní Dhomnaill téacsáil GRADAM6

Tá gnáth tháillí líonra i bhfeidhm. D'fhéadfadh difríocht a bheith idir chostas na dtáillí líonra, ag braith ar an líonra móibíleach atá agat.

Dúnfar na línte vótála ag meán lae, Dé Máirt, 29 Deireadh Fómhair 2019.
Níl cead ag baill foirne an Oireachtais vóta a chaitheamh.

Fógrófar an buaiteoir le linn Ócáid Bhronnta na nGradam Cumarsáide uile ar an 30 Deireadh Fómhair.
Soláthraí Seirbhíse: Púca.