Little Cinema na Gaillimhe ag Cuardach Gearrscannán Gaeilge

Tá Pictiúrlann Bheag na Gaillimhe i gcomhar le Oireachtas na Gaeilge agus le Conradh na Gaeilge, agus le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge, ag cuardach gearrscannán do thaispeántas speisialta a bheidh acu mar chuid de Sheachtain na Gaeilge Dé Máirt, 15 Márta 2016 sa Róisín Dubh i nGaillimh.

Cuirfear fáilte roimh scannáin i nGaeilge atá faoi bhun 10 nóiméad ar fhad, le fotheidil i mBéarla más féidir, agus caithfidh an scannánóir a bheith i láthair ar an Oíche leis an scannán a chur i láthair.

Glacfar le gearrscannáin in aon seánra, le cláir fhaisnéise, le scannáin ghrinn nó le físeáin cheoil, agus d’fhéadfaí Éirí Amach 1916 a thógáil mar théama, más mian!

Roghnófar na scannáin a thaispeánfar ar an oíche ó na scannáin a chuirtear isteach agus tabharfar tús áite do scannáin úra atá déanta go speisialta don ócáid.

Le scannán a chur isteach, nó le tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil linn ag littlecinemagalway@gmail.com, nó is féidir dul i dteagmháil le Majella Ní Chríocháin ag Oireachtas na Gaeilge 087 9776852 majella@antoireachtas.ie.

Samplaí de scannáin ó anuraidh:

Ruairí:

Reservoir Dogs: