Gradaim Chumarsáide 2013 Lón sa Spéir

Bliain den scoth a bhí ann don chomhlacht léiriúcháin Sónta Teo. agus dá bhunaitheoirí Éamonn agus Seán Ó Cualáin, atá ag ceiliúradh tar éis dóibh Gradam Cumarsáide Oireachtais a fháil sa chatagóir 'Clár Teilifíse na Bliana' don chlár faisnéise ‘Lón sa Spéir’. Is í Fionnuala Flanagan atá ag déanamh na reacaireachta sa chlár seo agus, de thoradh conradh dáileacháin sna Stáit Aontaithe atá díreach sínithe ag an mbeirt deartháireacha, beidh an clár á thaispeáint ar fud Mheiriceá.  

Is é Aengus Mac Grianna ó RTÉ a bhí ina Fhear an Tí ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais a bhí ar siúl in Óstán Galway Bay, Dé hAoine, 17 Bealtaine 2013, áit ar tugadh aitheantas agus ómós do láithreoirí, aisteoirí, iriseoirí agus lucht déanta clár teilifíse agus raidió a rinne cion thar na bearta in earnáil na meán cumarsáide Gaeilge le dhá mhí dhéag anuas.

Bronnadh Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais (Gradam Saoil) ar an iarchraoltóir Pat Butler as an ionchur luachmhar a rinne sé ina 36 bliain de chraoltóireacht, ag léiriú agus ag cur i láthair flúirse clár Gaeilge ar ardchaighdeán do RTÉ agus TG4.  Bhí Pat ina léiritheoir, láithreoir agus tuairisceoir agus d'oibrigh sé ar chláir éagsúla, Youngline, Féach, Today Tonight agus Léargas ina measc.

Is iad Maggie Breathnach agus Pascal Cassidy de chuid Redshoe Productions a rug leo an gradam sa chatagóir 'Sraith Teilifíse na Bliana' don tsraith ealaíon ‘Imeall’ agus fógraíodh an láithreoir teilifíse agus iar-pheileadóir Chiarraí, Dara Ó Cinnéide, mar Craoltóir Teilifíse na Bliana as a chur i láthair ar an gclár spóirt seachtainiúil ‘Seó Spóirt’ ar TG4. Bhuaigh Tara Breathnach a ghlacann ról Tina O'Dowd ar Ros na Rún Gradam Aisteoir na Bliana. 

Thug Cormac Ó hEadhra ó RTÉ Raidió na Gaeltachta dhá ghradam abhaile leis. Is sé a fuair Gradam Chraoltóir Raidió na Bliana agus bhuaigh an seó a bhíonn aige ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, ‘Cormac ag a Cúig’, an gradam Clár Raidió na Bliana. 

Bhí an-oíche ag Raidió na Life, stáisiún raidió pobail bunaithe i mBaile Átha Cliath, a rug leis dhá ghradam – Gradam Speisialta ón Oireachtas mar aitheantas don stáisiún ar fiche bliain faoi bhláth i mbliana agus, chomh maith leis sin, bronnadh an gradam nua atá ag an Oireachtas, Gradam Láithreán Gréasáin na Bliana ar an stáisiún freisin. 

I gcatagóir na meán clóite, bronnadh an gradam Iriseoir na Bliana ar Sheán Tadhg Ó Gairbhí, an t-eagarthóir nuacheaptha ar an iris liteartha, Comhar.  Scríobhann Seán Tadhg Ó Gairbhí don Irish Times freisin.  

 "Ba mhaith liom tréaslú leis na buaiteoirí uile,” arsa Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais. "Is iontach an rud é a bheith ag ceiliúradh 20 bliain craolacháin Raidió na Life agus tá ríméad orm gur thug siad leo an gradam nua atá againn i mbliana do Láithreán Gréasáin na Bliana. Déanaim comhghairdeachas freisin le Pat Butler a bhfuil Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais tuillte go maith aige. Tá ionchur ollmhór déanta aige sna meáin chumarsáide Gaeilge agus, lena chur chuige sainiúil i ngach aon ghné den chraoltóireacht a thóg sé air féin, bhí sé lárnach i leagan síos caighdeán agus dea-chleachtas sa cheird,” a dúirt sé. 

Seo thíos liosta iomlán na mbuaiteoirí

1.  TEILIFÍS: SCANNÁN / CLÁR TEILIFÍSE NA BLIANA

Lón sa Spéir(Sónta Teo. do TG4)

 

2.  TEILIFÍS: SRAITH TEILIFÍSE NA BLIANA

Imeall(Redshoe Productions do TG4)

 

3.  TEILIFÍS: CRAOLTÓIR TEILIFÍSE NA BLIANA

Dara Ó Cinnéide(Seó Spóirt, TG4)

 

4.  AISTEOIR NA BLIANA 

Tara Breathnach(Tina O’ Dowd, Ros na Rún)

 

5.  RAIDIÓ: CLÁR/ SRAITH RAIDIÓ NA BLIANA 

Cormac ag a Cúig(RTÉ Raidió na Gaeltachta)

 

6.  RAIDIÓ: CRAOLTÓIR RAIDIÓ NA BLIANA

Cormac Ó hEadhra(Cormac ag a Cúig, RTÉ Raidió na Gaeltachta) 

 

7.  IRISEOIR/COLÚNAÍ NA BLIANA

Seán Tadhg Ó Gairbhí(Comhar, Irish Times)

 

8.  LÁITHREÁN GRÉASÁIN NA BLIANA

www.raidionalife.ie   Raidió na Life

 

9.  GRADAM SPEISIALTA do Raidió na Life

atá ag ceiliúradh 20 bliain ar an bhfód.

 

10. BUAIC-GHRADAM CUMARSÁIDE AN OIREACHTAIS

Pat Butler

Seo thíos liosta iomlán na n-ainmniúchán

1. TEILIFÍS: SCANNÁN / CLÁR TEILIFÍSE NA BLIANA

Litir ó Mháirtín Jaimsie Abú Media do TG4
An Féidir Linn Bóthar Ard do TG4
Lón sa Spéir Sónta Teo. do TG4
Lorg na gCos - Súil siar ar Mise Éire Midas Productions do TG4
   

2. TEILIFÍS: SRAITH TEILIFÍSE NA BLIANA

Turas Húicéara Léirithe DMCI do TG4
Imeall Redshoe Productions do TG4
Bliain in Árainn Mhór Power Pictures do TG4
Rónán ar an Camino Waddell Media do TG4
   

3. TEILIFÍS: CRAOLTÓIR TEILIFÍSE NA BLIANA

Tristan Rosenstock Imeall
Máire Treasa Ní Dhubhghaill Ponc/ Rugbaí Beo
Rónán Mac Aodha Bhuí Rónán ar an Camino
Seán Mac an tSíthigh Nuacht TG4/RTÉ
Dara Ó Cinnéide Seo Spóirt

4. AISTEOIR NA BLIANA

Tara Breathnach Tina O’Dowd, Ros na Rún
Donncha Crowley Cormac, Scúp
Linda Bhreathnach Róise de Búrca, Rós na Rún
Kelly Gough Alix, Scúp
Bláthnaid Ní Chofaigh Maeve Kelly Clarke, Crisis Eile

5. RAIDIÓ: CLÁR / SRAITH RAIDIÓ NA BLIANA

Cormac ag a Cúig RTÉ Raidió na Gaeltachta
Spioradáltacht ar Leith Raidió na Life
Splanc Newstalk
Blas BBC Raidió Uladh
Rónán Beo @ 3 RTÉ Raidió na Gaeltachta

6. RAIDIÓ: CRAOLTÓIR RAIDIÓ NA BLIANA

Cormac Ó hEadhra RTÉ Raidió na Gaeltachta
Siobhán Seoighe Raidió na Life
Máirtín Tom Sheáinín Mac Donnchadha RTÉ Raidió na Gaeltachta
Orla Nic Cárthaigh Raidió Rí-Rá
Eibhlín Ní Chonghaile RTÉ Raidió na Gaeltachta

7. IRISEOIR/COLÚNAÍ NA BLIANA

Seán Tadhg Ó Gairbhí Comhar, Irish Times
Máirtín Ó Catháin Gaelscéal/An Curadh Connachtach/Galway Advertiser
Pól Ó Muirí Irish Times
   

8. LÁITHREÁN GRÉASÁIN NA BLIANA

www.gaelport.com Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge
www.beo.ie Oideas Gael
www.raidionalife.ie Raidió na Life
www.meoneile.ie Below the Radar
www.cula4.com TG4
 

Tuilleadh eolais:

Úna Ní Chárthaigh, Stillwater Communications        Natasha Fennell, Stillwater Communications

T: 01 677 0630 M:086 3375050T: 01 677 0630M:087 2904658

R: una@stillwater.ie                        R: natasha@stillwater.ie