Méadú 354% ar imeachtaí trí Ghaeilge d’Oíche Chultúir 2015

Beidh breis agus 78 imeacht Gaeilge ar siúl ar fud na tíre i mbliana d’Oíche Chultúir, méadú de 354% ar an mbliain seo caite.  Bhunaigh an tOireachtas meitheal oibre ag tús na bliana seo chun cuidiú le grúpaí ealaíne, cultúir agus siamsaíochta líon níos mó imeachtaí i nGaeilge a eagrú don phobal Oíche Chultúir.

“Tá forbairt as cuimse tagtha ar Oíche Chultúir laistigh de bheagán blianta”, a dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais, “agus tá rannpháirtíocht an phobail sna healaíona agus in imeachtaí cultúir éagsúla a spreagtar an oíche amháin seo sa bhliain an-luachmhar don tsochaí i gcoitinne.  Creidimid go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh deiseanna ag an bpobal an rannpháirtíocht sin a bheith i nGaeilge agus, le tacaíocht Fhoras na Gaeilge, tá ríméad orainn go bhfuil tús maith curtha leis seo i mbliana.  Beimid ag tógáil air sa todhchaí.”

Beidh an tOireachtas féin ag eagrú imeachtaí i lár na cathrach i mBaile Átha Cliath ag tosú ag 5.30p.m. le rás curacha ar an Life, ag an bpontún in aice an Jeanie Johnston agus ag dul chomh fada le Droichead na Life agus ar ais. Ina dhiaidh sin beidh greim bia mara, cainteanna agus scannáin faoi na curacha agus Húicéirí na Gaillimhe i bhfoirgneamh Údarás Forbartha Dugthailte Bhaile Átha Cliath ar Ché Theach an Chustaim.  Agus ar ndóigh, amhail gach ócáid Oireachtas, beidh damhsa ar an sean-nós ann!

Beidh ócáid eile in Ionad Cuairteoirí Uiscebhealaigh Éireann ar Ché na Canálach Móire ag a  gcanfaidh an cór ensemble, Moving Voices, amhráin faoin fharraige; taispeánfar sraith grianghraif ag léiriú turas na mbád a cheannaigh Gael-Lion d’iascairí Chonamara sna 50aidí; agus beidh greim bia mara ar fáil freisin. Osclófar na doirse ar 6.30pm agus beidh na léirithe ar siúl ag 7/ 8/9pm.

I measc na mbuaicphointí eile, tá ‘Céimeanna’, taispeántas ar stair na Rincí Gaelacha i gceantar an Iúir, a bheidh ar siúl i nGaeláras Mhic Ardghail, an tIúr. Beidh neart le feiceáil ann, seanghúnaí, boinn, teastais, giotaí ó nuachtáin, pictiúir, leabhair, fadcheirníní, fístéipeanna, agus ábhar a bhaineann le rincí Albanacha ina measc, agus beidh seó aonair le hOrlaith Hollywood, Curadh an Domhain faoi 14. Beidh sólaistí ar fáil chomh maith.

Dóibh siúd a bhfuil spéis acu sa stair, beidh an tOireachtas ag eagrú turas staire trí Ghaeilge thart ar chathair na Gaillimhe, faoi chomaoin an údair agus staraí, Cormac Ó Comhraí.

Déanfar Oíche Chultúir a cheiliúradh ag Ionad na nGleannta i gCluainín, Contae Liatroma, le Tráthnóna Ilteangach. Beidh Cathy Jordan (Dervish) agus Rossa Ó Snodaigh (Kíla) ag ceol agus ag amhránaíocht i nGaeilge agus i dteangacha dúchasacha na nua lonnaitheoirí in éineacht le Mabel Chah, ón gCamarún agus Naomi McDonagh, ceoltóir ón lucht siúil.

Bainfidh páistí idir 6-11 bliain an-sult as  an tóraíocht taisce focail sa siopa leabhar Scéal Eile in Inis, Contae an Chláir. Beidh litreacha i bhfolach sna leabhair, agus beidh duaiseanna ar fáil do na páistí atá in ann na focail a chur le chéile.

Tá liosta iomlán na n-imeachtaí Gaeilge ar fáil ar shuíomh gréasáin Culture Night ag http://www.culturenight.ie/tax_dublin_events/irish-language/.

Tuilleadh eolais:

Majella Ní Chríocháin

T: 087 9776852     R: majella@antoireachtas.ie