Oíche Nollag na mBan 2018

Nuacht | An tOireachtas

Is sean traidisiún é go dtiocfadh mná le chéile ar an 6ú Eanáir, Oíche Nollag na mBan, traidisiún atá fós láidir in iardheisceart na tíre agus tá Oireachtas na Gaeilge ag iarraidh  é a athmhúscailt ar fud na tíre. Bhí 10 n-ócáid ann i mbliana agus tá muid ag súil go bhféadfaí tuilleadh ócáidí a reáchtáil i 2018.

Tá muid ag tabhairt cuireadh do mhná ócáid a reáchtáil ina gceantar féin Dé Sathairn 6ú Eanáir 2018, go dtiocfaidh siad le chéile i mbialanna agus i dtithe ósta thart timpeall na tíre don chomhluadar agus don cheiliúradh, go mbeidh ithe agus ól, spraoi agus craic agus muintearas ann. Tá súil againn go dtapóidh mná na hÉireann an deis seo teacht le chéile lena gcairde agus lena muintir le ceiliúradh a dhéanamh Oíche Nollag na mBan.

Cuireann muid  fáilte roimh mhná a bhfuil fonn orthu ócáid Ghaelach a reáchtáil (dinnéar nó lón, mar shampla) na sonraí a chur chuig majella@antoireachtas.ie agus déanfar í a fhógairt ar na meáin shóisialta agus ar leathanach speisialta facebook atá cruthaithe againn d’Oíche Nollag na mBan https://www.facebook.com/groups/1197604003587735/

Beidh ainmneacha na mban a ghlacann páirt sna hócáidí curtha i hata i gcomhar duais de €60 agus cuirfear ainmneacha na ndaoine  a reáchtálann ócáid i hata i gcomhar duais de  €100.  Tapaigh an deis, ní bheidh sé i bhfad ag teacht!

Tá na hócaidí seo a leanas socraithe cheana don Satharn 6 Eanáir 2018:

  • Baile Átha Cliath - Radisson St Helen’s i mBaile an Bhóthair, 30pm, €40 réamhíocaíocht ar paypal  nollaignamban2018@gmail.com
  • Gaillimh – Dinnéar, McCambridges 6pm déan teagmháil le Caoimhe Ní Ghriallais le spás a chinntiú ar caoimhe@cnag.ie nó ar 091 567824.
  • An Spidéal, na Gaillimhe – Tigh Giblin, 7:00pm, áirithintí ar 091 504787
  • Ómaigh – Bialann Grant’s 7pm
  • Muineachán – The Squealing Pig, 8pm
  • Gaoth Dobhair, Tigh Hiúdaí Beag, Có. Dhún na nGall, 8pm, tabhair leat d’uirlis ceoil agus do bhróga damhsa!
  • Béal Feirste – Gael-Ionad Mhic Goill, 7pm, tabhair leat buidéal!
  • Béal Feirste - Áras Mhic Reachtain, 8p, Cóisir Nollag na mBan!
  • Dún Dealgán, Co. Lú - Callan’s Bar and Restaurant, 7pm sonraí Ursula Mhic Cárthaigh 086 229 3566
  • Port Láirge - Tae Beag trí Ghaeilge 14:00 i Wood House, Baile na Coilleadh, An tSráidbhaile, Co. Phort Láirge. €15 an duine. Is gá áirithint a dhéanamh go luath le cabrini@glornangael.ie chun spás a chinntiú. Beidh deis siúl timpeall roinnt den dtalamh/gairdín sa dúiche chomh maith.
  • Dún Pádraig, Denvir’s Coaching Inn, Co. an Dúin 19.00, beidh Cumann Gaelach Leath Chathail ag ceiliúradh Oíche Nollag na mBan Rogha gach bídh agus togha gach dí ar an oíche ... agus cuideachta den scoith ar ndóighe!
    Bígí linn!

Tuilleadh eolais:
Majella Ní Chríocháin
Oifigeach Imeachtaí & Forbairt Freastail
+353 (0)87 977 6852 | majella@antoireachtas.ie | www.antoireachtas.ie