Tá Oireachtas na Gaeilge ag dul beo ar an aer!

Cuirfear tús le clár nua, Cultúr sa Chathair, ar an stáisiún raidió, 103.2 Cathair Bhaile Átha Cliath FM inniu, Dé Céadaoin, 5 Deireadh Fómhair 2016 ag 8.30 p.m.

Déanfar plé ar chultúr na nGael agus gach a bhaineann leis; litríocht; ceoil; damhsa; scéalaíocht; amhránaíocht; agallamh beirte, lúibíní agus neart eile.

Cuirfear agallaimh ar dhaoine spéisiúla i saol an chultúir agus cloisfear neart amhrán, ceoil, neart scéalta suimiúla agus go leor leor eile.

Is í Louise Ní Dháibhéid, Oifigeach Imeachtaí agus Foilseachán, a bheidh á láithriú.

Sa chéad chlár, déanfar cur síos ar stair na heagraíochta ó bunaíodh é sa mbliain 1897, na hathraithe agus forbairtí móra atá tagtha orthu thar na mblianta, ach go háirithe ó déanadh ceanneagraíocht dó dhá bhliain ó shin.

Tabhair cluas tacaíochta dúinn agus bí ag éisteacht. Gach Dé Céadaoin ag 8.30 p.m. ar 103.2 Cathair Bhaile Átha Cliath FM.