Is í seo Tatjana. Is as an nGearmáin di agus bíonn sí ag damhsa ar an sean-nós. Léiríonn Tatjana áilleacht an chultúir, áilleacht an Oireachtais.
Seoladh dhá leabhar do pháistí ar an Aoine ag Oireachtas na Samhna.
Rinne Tadhg Ó Beaglaoich agus Antaine Ó Seaghdha an-iarracht inniu agus bhí píosa craic acu ag an am céanna!
Caith súil ar sháriarracht Mhúirin agus Latoya...
Bronnadh an dara duais ar Mháire Éibhlín Ní Chéilleabhair agus ar Shiobhán Ní Mhocháin! Maith sibh, a chailíní!
Ghnóthaigh Ríona Howlin agus Gráinne Ní Fheinneadha an lúibín faoi 12
Labhraíonn Antaine Ó Donaile linn faoina chlár 'Lá dár Saol' a bheidh ar TG4 Oíche Shamhna ar 5.00 p.m. Bí cinnte go mbeidh sibh ag breathnú air!
Chas Máire Éilís leis an Aire Joe Mac Aodha chun labhairt leis faoi Oireachtas na bliana seo.
Phós Nóirín agus Colm tar éis castáil le chéile ag an Oireachtas in 1974. Tá muid cinnte go mbeidh lánúin eile ag castáil lena chéile i mbliana. An tú a bhéas ann?!
An tusa an chéad réalt eile a bheidh ag Ros na Rún?
Buaicphointe an Oireachtais le Raifteirí agus an file - níl Johnny Chóil Mhaidhc fós linn, ach maireann taibhse Raifteirí...
Tá gasúr óga Scoil Sailearna ag ullmhú go díograiseach don Oireachtas.