Pacáistí Oireachtas na Samhna 2016

D’fhógair an tOireachtas inniu (15 Meán Fómhair 2016) réimse leathan de phacáistí atá ar díol anois mar a bhaineann le ticéid na féile, seastáin & fógraíocht agus pacáistí corparáideacha.

Is i gCill Airne, Co. Chiarraí, a bheidh an Fhéile ar siúl i mbliana ó 2 – 6 Samhain. Tá clár imeachtaí na féile ar fáil ar shuíomh gréasáin an Oireachtais ag: Imeachtaí na Féile. Beidh uasdátú á dhéanamh ar an suíomh as seo go dtí aimsir na Féile.

Ná déan dearmad go bhfuil ráta speisialta lóistín ar fáil sa Gleneagle do lucht freastail an Oireachtais. Níl an ráta seo ar fáil ar an idirlíon agus moltar duit glaoch a chur ar an Óstán, nó ríomhphost a chur chucu ag déanamh soiléir gur ag freastal ar an Oireachtas a bheidh tú.

Le haghaidh tuilleadh eolais:
Laura Rawdon
Oireachtas na Gaeilge
T: +44 28 3025 7812
R: laura@antoireachtas.ie