Pictiúrlann Bheag na Gaillimhe ag Cuardach Gearrscannán!

Tá Pictiúrlann Bheag na Gaillimhe i gcomhar le Oireachtas na Gaeilge agus Conradh na Gaeilge, agus le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge, ag cuardach gearrscannáin do thaispeántas speisialta a bheidh acu mar chuid de Sheachtain na Gaeilge ar 8pm ar an Máirt 14 Márta 2017 sa Róisín Dubh i nGaillimh.

Cuirfear fáilte roimh scannáin i nGaeilge atá faoi bhun 10 nóiméid ar fhad, le fotheidil i mBéarla, agus caithfidh an scannánóir bheith in ann a bheith i láthair ar an Oíche leis an scannán a chur i láthair.

Glacfar le gearrscannáin in aon seánra, le cláir fhaisnéise, le scannáin ghrinn nó le físeáin cheoil. Glacfar le scannáin in a bhfuil radhairc cháiliúla ó scannán nó ón teilifís athchruthaithe iontu freisin! Sna dhá bhliain atá imithe thart, tá leaganacha Gaeilge de radhairc as Reservoir Dogs, Casablanca, Breaking Bad agus Daredevil taispeánta ag Little Cinema.

Roghnófar na scannáin a thaispeánfar ar an oíche ó na scannáin a chuirtear isteach agus tabharfar tús áite do scannáin úra atá déanta go speisialta don ócáid.

Le scannán a chur isteach, nó le tuilleadh eolais a fháil, seol  rphost chuig littlecinemagalway@gmail.com.

Dóibh siúd a bhfuil spéis acu breathnú ar na scannáin seo, osclófar na doirsí sa Róisín Dubh ar an Máirt 14 Márta ag 8.00 in agus ní chosnóidh ticéad ag €5. Tuilleadh eolais ag https://www.facebook.com/events/375180406208139/.

Sampla de scannán ó anuraidh: Breaking Bad as Gaeilge https://www.youtube.com/watch?v=b-_DVzH8tos

CRÍOCH Tuilleadh Eolais: Majella Ní Chríocháin 087 9776852 majella@antoireachtas.ie