Ticéid na Féile d’Oireachtas na Samhna 2017 le fáil anois ar shuíomh an Oireachtais

D’fhógair an tOireachtas inniu (21 Iúil 2017) go bhfuil réimse leathan ticéid d’Oireachtas na Samhna 2017 ar díol ó inniu go dtí aimsir na féile.

Beidh saorchead isteach chuig imeachtaí roimh 6.00i.n. gach lá ach beidh gá le ticéad a cheannach i ndiaidh 6.00i.n. gach lá agus chuig na comórtais Damhsa ar an Sean-Nós ar Shatharn na Féile, 4 Samhain.

Tá iontráil chuig gach imeacht san áireamh i bpraghas na dticéid:  Comórtas Shean-Nós na mBan, Comórtas Shean-Nós na bhFear, Príomhchomórtais Damhsa ar an Sean-Nós, Corn Uí Riada, Clubanna na Féile, Cabaret Craiceáilte, Clubanna Amhránaíochta.

PRAGHSANNA
Ollticéad Trí Lá (Déardaoin, Dé hAoine & Dé Sathairn) €70.00 Paypal
Ticéad Déardaoin €25.00 Paypal
Ticéad Dé hAoine €25.00 Paypal
Ticéad Dé Sathairn (Damhsa ar an Sean-Nós san áireamh) €30.00 Paypal
Ticéad Damhsa ar an Sean-Nós (Amháin) €15.00 Paypal
Páistí faoi 18 bhliain d'aois* SAOR IN AISCE  

*Tabhair faoi deara go mbeidh bandaí rosta ábhartha (ollticéad nó ticéad lae) le cur ar gach páiste faoi 18 mbliana d’aois agus go mbeidh sé riachtanach tuismitheoir/caomhnóir a bheith in éineacht leo leis an mbanda rosta a fháil ag an Oifig Ticéid.

Tá trí mhodh éagsúla le ticéid a cheannach d’Oireachtas na Samhna:

Beidh Oireachtas na Samhna ag filleadh ar Chill Airne, Co. Chiarraí i mbliana ón 1-5 Samhain 2017. Beidh uasdátú á dhéanamh ar shuíomh an Oireachtais as seo go dtí aimsir na féile maidir leis na himeachtaí a bheidh á reáchtáil againn: http://www.antoireachtas.ie/oireachtas-na-samhna/

Ná déan dearmad go bhfuil ráta speisialta lóistín ar fáil sa Gleneagle do lucht freastail an Oireachtais. Níl an ráta seo ar fáil ar an idirlíon agus moltar duit glaoch a chur ar an óstán, nó ríomhphost a chur chucu ag déanamh soiléir gur ag freastal ar an Oireachtas a bheidh tú.

CRÍOCH
Tuilleadh eolais: Laura Rawdon, Oifigeach Gréasán | laura@antoireachtas.ie | 0044 28 3025 7812 |