Éirigh den Tolg & Réitigh do Rás an Oireachtais

Ní bhaineann imeachtaí an Oireachtais le himeachtaí cultúir agus ealaíon amháin agus dóibh siúd gur mhaith leo páirt a ghlacadh in imeachtaí spóirt an Oireachtais, tá Aip nua ‘Tolg go 5k’ eisithe . Is cúrsa sé seachtaine siúil agus reathaíochta é seo atá dírithe orthu siúd gur glanthosaitheoirí iad, nó gur daoine iad nár ghlac páirt in aclaíocht le píosa.  An té a chuireann tús les an gcúrsa an tseachtain seo chugainn, beidh  siad réidh le páirt a ghlacadh i Rás an Oireachtais Dé Satharn 5 Samhain thíos i gCill Airne.

Dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais:

“Deis iontach atá san Aip seo do dhuine ar bith iad féin a ullmhú le páirt a glacadh i Rás 5k agus ar ndóigh tá díreach sé seachtaine idir seo agus Rás an Oireachtais i gCill Airne. Níl leithscéal ag aon duine againn!”

Is trí lá sa tseachtain atá i gceist leis an gcúrsa seo. Caitear idir 20 agus 36 nóiméad i mbun traenála agus tar éis 6 seachtaine beidh tú réidh le Rás 5k  a rith!  Tosaigh amach le nóiméad siúil, nóiméad rite, rud nach bhfuil ródhian agus ag deireadh na tréimhse beidh tú in ann rith gan stopadh ar feadh 5k.

Mar a deir Majella Ní Chríocháin, Oifigeach Oifigeach Imeachtaí & Forbairt Freastail le Oireachtas na Gaeilge:

‘Is dúshlán é seo ach dúshlán gur féidir le gach duine tabhairt faoi, is cuma cé chomh aclaí is atá siad faoi láthair. Rinne mé cúrsa Tolk go 5k  liom féin cúpla bliain ó shin agus táim ag rith ó shin! Is ní raibh aon rith déanta agam roimhe sin, fiú agus mé óg.  Bain triail as!’

Tá an Aip ar fáil saor in aisce ar Google play.  Is í Iseult Ní Chonláin ón gcomhlacht Pangr www.pangr.ie a d’fhorbair an Aip.

Tuilleadh Eolais:
Majella Ní Chríocháin
087 9776852
majella@antoireachtas.ie