Uachtarán Oireachtas na Gaeilge 2017 Insealbhaithe

Insealbhaíodh Seán Ó Muimhneacháin mar Uachtarán Oireachtas na Gaeilge 2017, inniu, 21 Feabhra 2017, i dTeach an Ardmhéara i mBaile Átha Cliath. Fear Gaeltachta é Seán, a rugadh agus a tógadh i nGaeltacht Mhúscraí, agus a bhfuil aithne mhór air ó cheann ceann na tíre as a shaothar leis na healaíona traidisiúnta a chur chun cinn.

Fear ildánach é an Uachtarán nua-shealbhaithe - cumadóir amhrán, drámadóir, teagascóir agus, le roinnt blianta anuas, foilsíodh dhá shaothar dá chuid, ‘Bígí ag Agallamh’, bailiúchán d’Agallaimh Bheirte & de Lúibíní in oiriúint do dhaltaí bunscoile; agus ‘Gleanntán an Aoibhnis’, bailiúchán de dhánta agus d’amhráin leis.  Ar ndóigh tá duaiseanna Oireachtais go leor bronnta air thar na mblianta - sna comórtais Agallaimh Bheirte, Lúibíní, Amhráin Saothair, Sceitse agus Amhráin Nua-Chumtha.

"Is mór an onóir dom a bheith mar Uachtarán ar Oireachtas na Gaeilge,” a deir Seán Ó Muimhneacháin agus Slabhra an Uachtaráin á bhronnadh air.  “Tá dóchas i mo chroí ag tabhairt aghaidh ar an mbliain atá romham, dóchas i leith na teanga agus dóchas i leith an chultúir,” a dúirt sé. “Go deimhin spreagann an tOireachtas dóchas ionam i gcónaí nuair a chím an óige chun tosaigh, ag iomaíocht sna comórtais agus ag baint sult agus pléisiúr as Oireachtas na Samhna, príomhfhéile náisiúnta na nGael, - an Ghaeilge go líofa ag gach duine acu. Tá sé i gceist agam taitneamh a bhaint as an mbliain, ag bualadh le lucht na Gaeilge ó gach aird den tír," a dúirt sé. 

"Tá tréithe agus buanna Uachtarán Oireachtais go smior ag Seán Ó Muimhneacháin,” a dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais.  "Tá a shaol caite aige ag déanamh gnímh ar son na n-ealaíona Gaeilge, ag ullmhú iomaitheoirí óga le haghaidh Oireachtais, ag roinnt a chuid scileanna agus a chuid saineolais go fial le glúnta óga ar scoil agus sa phobal, mar bhall dílis de Chonradh na Gaeilge, de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann, de chompántais  drámaíochta áitiúla, de Choiste Forbartha Chill na Martra agus dár ndóigh, rinne sé éacht ina chuid oibre leis an scéim, Aisling Gheal.”

Ba é searmanas an lae inniu ceann de na chéad imeachtaí i bhféilire leathan ócáidí a bheidh ag Oireachtas na Gaeilge in 2017.Is i gCill Airne, Co. Chiarraí a reáchtálfar Oireachtas na Samhna na bliana seo, ó 1 – 5 Samhain 2017.

Tuilleadh Eolais:
Louise Ní Dháibhéid, Oifigeach Imeachtaí agus Foilseachán, 087 1005439, louise@antoireachtas.ie