DÉARDAOIN - 1 Samhain 2018

Imeachtaí na Féile | Oireachtas na Samhna | An tOireachtas

10.00 a.m. – 5.00 p.m.

AN SEOMRA TEAGHLAIGH
Arna eagrú ag Glór na nGael.
Ar bharr na himeachtaí a bheidh ar siúl, beidh Cúinne Spraoi ar fáil le bréagáin do leanaí óga. Beidh cluichí boird, ábhair ealaíne, leabhair agus eile ar fáil chomh maith do gach aoisghrúpa. Beidh Giggles, an Fear Grinn, i láthair don lá ar fad.
IONAD: An Seomra Teaghlaigh, An tIonad Fóillíochta, Óstán Gleneagle

10.15 a.m.

CRAOLADH BEO ÓN OIREACHTAS
Clár Raidió: Sinéad ar Maidin
Arna chraoladh ag RTÉ Raidió na Gaeltachta
IONAD: An Ródaí, RTÉ , Raidió na Gaeltachta

11.00 a.m.

COMÓRTAS 9
Aithriseoireacht Faoi 9
IONAD: Seomra Inis Faithleann, Óstán Gleneagle

11.00 a.m.

COMÓRTAS 13
Scéalaíocht faoi 12
IONAD: Seomra Park, Óstán Brehon

11.00 a.m.

COMÓRTAS 16
Agallamh Beirte (Faoi 12)
IONAD: Ballroom, Óstán Gleneagle

11.00 a.m.

COMÓRTAS 17 
Agallamh Beirte (12-15) 
IONAD: Amharclann an Oireachtais, Óstán Brehon

11.00 a.m.

MAIDIN CHAIFE
Arna eagrú ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne
IONAD: Beár, Óstán Brehon

11.00 a.m.

PÉINTEÁIL AGHAIDHE
le hEdel Ní Bhraonáin ó Ghaeltacht Uíbh Ráithigh.
Arna eagrú ag Glór na nGael.
IONAD: An Seomra Teaghlaigh, An tIonad Fóillíochta, Óstán Gleneagle

12.00 p.m.

COMÓRTAS 18
Agallamh Beirte (15 – 18) 
IONAD: Amharclann an Oireachtais, Óstán Brehon 

12.00 p.m.

COMÓRTAS 10
Aithriseoireacht 9-12
IONAD: Seomra Inis Faithleann, Óstán Gleneagle

12.00 p.m.

SEOLADH OIFIGIÚIL: ‘Aonach an Oireachtais’
le hUachtarán an Oireachtais 2018, Máirín Uí Chonghaile
Rírá & Ruaille Búille
IONAD: Ardán an Aonaigh, Aonach an Oireachtais, INEC

12.00 p.m.

CEARDLANN EALAÍNE
le hÁine Uí Dhubhshláine ó Ghaeltacht Chorca Dhuibhne. Aoisghrúpa  8+ & fásta.
Arna eagrú ag Glór na nGael.
IONAD: An Seomra Teaghlaigh, An tIonad Fóillíochta, Óstán Gleneagle

12.10 p.m.

CRAOLADH BEO ÓN OIREACHTAS
Clár Raidió: An Saol ó Dheas
Arna chraoladh ag RTÉ Raidió na Gaeltachta
IONAD: An Lobbaí, Óstán Gleneagle

12.30 p.m.

COMÓRTAS 19 
Lúibíní (Faoi 12) 
IONAD: Amharclann an Oireachtais, Óstán Brehon 

12.30 p.m.

COMÓRTAS 11
Aithriseoireacht 12-15
IONAD: Seomra Inis Faithleann, Óstán Gleneagle

1.00 p.m.

COMÓRTAS 12
Dreas Cainte 15-18
IONAD: Seomra Inis Faithleann, Óstán Gleneagle

1.00 p.m.

COMÓRTAS 14
Scéalaíocht 12-15
IONAD: Seomra Park, Óstán Brehon

1.00 p.m.

CEARDLANN RINCE AONAIR AR AN SEAN-NÓS
le Úna Ní Chonaire ó Ghaeltacht na Mí.
Arna eagrú ag Glór na nGael.
IONAD: An Seomra Teaghlaigh, An tIonad Fóillíochta, Óstán Gleneagle 

1.00 p.m.

CRAOLADH BEO ÓN OIREACHTAS
Clár Raidió: Nuacht a hAon
Arna chraoladh ag RTÉ Raidió na Gaeltachta
IONAD: An Ródaí, RTÉ , Raidió na Gaeltachta

1.30 p.m.

COMÓRTAS 21
Lúibíní (15-18) 
IONAD: Amharclann an Oireachtais, Óstán Brehon 

2.00 p.m.

COMÓRTAS 15
Scéalaíocht 15-18
IONAD: Seomra Park, Óstán Brehon

2.00 p.m. 

COMÓRTAIS 28 & 29
Agallamh Beirte & Sceitse
BEO ÓN OIREACHTAS ar www.tg4.tv agus www.antoireachtas.ie.
IONAD: Seomra Mangerton, Óstán Gleneagle 

2.00 p.m.

SEOLADH LEABHAIR
Arna eagrú ag Gael-Taca.
Seolfaidh Pól Ruiséal (Cathaoirleach Ghael-Taca Chorcaí & Iar-Stiúrthóir Ionad na Gaeilge Labhartha, COC / UCC) leagan Gaeilge den úrscéal SINNE le Eivgéiní Saimiatin atá aistrithe agus foilsithe ag Risteárd Mac Annraoi.  
Seo an chéad uair den a bheidh an leabhar ar fáil i nGaeilge. Lena chois sin, beidh réimse leathan de leabhair eile atá foilsithe ag Risteárd ar fáil ó sheastán Gael-Taca le linn na féile.   
IONAD: Ardán an Aonaigh, Aonach an Oireachtais, INEC

2.00 p.m.

CÚINNE SCÉALAÍOCHTA
le Sadhbh Devlin ó Bhaile Átha Cliath, bunaithe ar a leabhar nua ‘Beag Bídeach’. Meascán de scéalaíocht agus ealaín.
Arna eagrú ag Glór na nGael.
IONAD: An Seomra Teaghlaigh, An tIonad Fóillíochta, Óstán Gleneagle

2.00p.m. - 4.00 p.m.

CEARDLANN SCILEANNA AR NA MEÁIN SHÓISIALTA
Arna eagrú ag Gréasán na Meán
Tá sé i gceist ag Gréasán na Meán Skillnet ceardlann ar na meáin shóisialta a chur ar bun, a chuirfidh oiliúint ar fáil ar úsáid Snapchat, Twitter, Instagram agus ardáin eile nach iad!
Díreofar freisin ar scéalaíocht/iriseoireacht don idirlíon, an leas is fearr gur féidir a bhaint as áiseanna ar-líne agus an méid atá ag fáil aird an phobail faoi láthair ar na hardáin uile.
Is í Barbara Nic Dhonnacha, Comhordaitheoir Caidreamh Poiblí agus Meáin Shóisialta Ros na Rún a bheas i mbun ceardlainne. Beidh sí ar fáil chun an eolas is déanaí a roinnt a chuideoidh le daoine a gcuid ábhar féin a chruthú agus a fhoilsiú.
IONAD: An Seomra Glas, Óstán Gleneagle 

3.00 p.m.

SEOLADH LEABHAIR
Seolfaidh Eunan Mac Cuinneagáin 'Scéalta as Tír Chonaill: Cnuasach a Sé'. Bailiúchán eile de ghearrscéalta a bhí ag Séumas MacManus. Eagraithe agus tiontaithe go Gaeilge na linne seo ag Micheál Mac Giolla Easbuic.
Arna fhoilsiú ag Coiscéim.
IONAD: Ardán an Aonaigh, Aonach an Oireachtais, INEC

3.00 p.m.

MAISIÚ CÍSTÍ
le Foireann Ghlór na nGael. Aoisghrúpa 3+. Beidh cístí gan glútan/cístí rís ar fáil do phaistí le hailléirge orthu.
Arna eagrú ag Glór na nGael.
IONAD: An Seomra Teaghlaigh, An tIonad Fóillíochta, Óstán Gleneagle

4.00 p.m.

SEOLADH AN PRÍOMHBHAILIÚCHÁIN LÁMHSCRÍBHINNÍ AR DÚCHAS.IE
Seolfar baisc shamplach ón bPríomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, an bailiúchán is déanaí atá á dhigitiú ag foireann dúchas.ie. Saothar na mbailitheoirí lánaimseartha agus páirtaimseartha a d’oibrigh faoi scáth Choimisiún Béaloideasa Éireann (1935–1971) atá sa Phríomhbhailiúchán. I nGaeilge atá timpeall dhá thrian den ábhar a chuimsíonn gach gné de thraidisiún béil na hÉireann. Ábhar a bailíodh sna ceantair Ghaeltachta sna 1930idí is mó atá i gceist sa bhaisc imleabhar a sheolfar inniu.
Comhthionscadal is ea dúchas.ie idir Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD, agus Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU.
IONAD: Seomra Inis Faithleann, Óstán Gleneagle 

4.00 p.m.

SEOLADH CLUICHÍ BOIRD
Arna eagrú ag Glór na nGael
Sraith cluichí boird á sheoladh ag Glór na nGael, ina measc, Dúshlán Staire, Snap le hUimhreacha agus Leabhar Dathúchán na Nollag.
IONAD: Ardán an Aonaigh, Aonach an Oireachtais, INEC 

4.00 p.m.

SEISIÚN AMHRÁNAÍOCHTA DO PHÁISTÍ
le hOdí Ní Chéilleachair ó Ghaeltacht na Rinne
Arna eagrú ag Glór na nGael.
IONAD: An Seomra Teaghlaigh, An tIonad Fóillíochta, Óstán Gleneagle

5.00 p.m.

SEOLADH LEABHAIR
Arna eagrú ag Breacadh
Seolfaidh Brian Danny Minnie Ó Domhnaill leaganacha i gcanúintí Uladh agus Chonnacht den leabhar cócaireachta BIA BLASTA.  Seolfar BÍ SAN ÁIREAMH! freisin - leabhar ina dtéitear i ngleic le mata don saol, chomh maith le sraith póstaer don seomra ranga.
IONAD: Ardán an Aonaigh, Aonach an Oireachtais, INEC 

5.00 p.m.

CRAOLADH BEO ÓN OIREACHTAS
Clár Raidió: Damhsa ar an Raidió @ Oireachtas na Samhna
Clár le Edel Ní Churraoin & Somhairle Mag Uidhir ag tabhairt spléachadh ar imeachtaí féile na bliana seo chomh maith le buaicphointí na bliana seo caite.
IONAD: ‘An Nead’, An Lobbaí, Óstán Gleneagle

5.30 p.m.

SEOLADH AIP MOLSCÉAL
Arna eagrú Tg4
IONAD: Ballroom, Óstán Gleneagle

6.00 p.m. 

COMÓRTAS 25
Dreas Cainte (Daoine Fásta)
IONAD: Seomra Inis Faithleann, Óstán Gleneagle

7.00 p.m.

COMÓRTAS 39: Sean-Nós na mBan
BEO ÓN OIREACHTAS ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, www.tg4.tv agus www.antoireachtas.ie.
IONAD: Seomra Mangerton, Óstán Gleneagle

7.00 p.m.

GRÉASÁNÚ GASTA
Fáiltiú fíona agus canapés á reáchtáil ag an Oireachtas do lucht na seastáin. Deis iontach a bheidh ann d’eagraíochtaí, gnólachtaí, Ranna Stáit agus soláthraí seirbhíse aithne a chur ar a chéile agus teagmhálaithe nua a chruthú!
IONAD: Aonach an Oireachtais, INEC 

7.00 p.m.

CRAOLADH BEO ÓN OIREACHTAS
Nuacht TG4
IONAD: An Lobbaí, Óstán Gleneagle 

7.00 p.m.

SEIMINEÁR EOLAIS: Q-MHARC GNÓ LE GAEILGE
Arna Eagrú ag Foras na Gaeilge.
IONAD: Seomra Park, Óstán Brehon 

7.00 p.m.

DRÁMA Creideamh agus Crá Croí
Dráma bunaithe ar shleachta as saothar le James Joyce. Ceol, greann agus filíocht ach thar aon rud eile, is í an fhírinne gan cheilt is mó a théann i gcion ort.
Cliar: Eoin Ó Dubhghaill agus Fionnuala Flaherty
Léiritheoir: Lúcas Mac Fhionnaile
Stiúrthóir/Aistritheoir: Proinnsíos Ó Duigneáin

8.00 p.m.

COMÓRTAS 'BEO'
Amhrán Nuachumtha Gaeilge do dhaoine óga.
Arna Eagrú ag Foras na Gaeilge.
IONAD: INEC

9.30 p.m.

CÉILÍ
Arna eagrú ag Cumann na bhFiann.
IONAD: Ballroom, Óstán Gleneagle

10.30 p.m.

CLUB NA FÉILE
Le Bertie Ó Dómhnaill agus a Bhanna Ceoil
IONAD: Seomra Mangerton, Óstán Gleneagle