DÉ SATHAIRN - 2 Samhain 2019

Imeachtaí na Féile | Oireachtas na Samhna | An tOireachtas

9.30 a.m.

 

#parkrun!
IONAD: Páirc Chorcaí

10.00 a.m.

COMÓRTAS DO DHAOINE FÁSTA
Veidhlín
IONAD: Svuít Avoca, An Chéad Úrlár, An tIonad Comhdhála, Óstán Citywest

11.00 a.m.

COMÓRTAS DO DHAOINE FÁSTA
Ceol Beirte
IONAD: Svuít Avoca, An Chéad Úrlár, An tIonad Comhdhála, Óstán Citywest

11.00 a.m.

AONTAS NA SCRÍBHNEOIRÍ
Ollchruinniú Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge. 
IONAD: Svuít Newcastle, An tIonad Fóillíochta, Óstán Citywest

11.00 a.m.

SEIMINEÁR AN OIREACHTAIS
'Plean don Todhchaí?'
Aoischainteoirí: Pádraig Ó Duibhir, Clíódhna Ní Chorráin, Dáithí Mac Cárthaigh & Niall Comer.
Painéal Aiseolais: Caoimhe Ní Mhaolaí, Colm Ó Neasa & Clíódhna Ní Dhufaigh
Cathaoirleach: Caoimhe Ní Chathail
Arna eagrú ag Conradh na Gaeilge
IONAD: Svuít Citywest, Óstán Citywest

11.00 a.m. 

CÓISIR CÚLA4
Tá fáilte roimh chách ag an ócáid teaghlaigh seo.
IONAD: Svuít Citywest, Óstán Citywest

12.00 p.m.

COMÓRTAS DO DHAOINE FÁSTA
Amhránaíocht Nach Sean-Nós Í
IONAD: Svuít Avoca, An Chéad Úrlár, An tIonad Comhdhála, Óstán Citywest

12.30 p.m.

CRAOLADH BEO ÓN OIREACHTAS
Iarnóin á chur i láthair ag Barra Mac Aodh Bhuí
Arna chraoladh beo ar Raidió na Life
IONAD: Aonach an Oireachtais

12.45 p.m.

PRÍOMHCHOMÓRTAIS DAMHSA AR AN SEAN-NÓS
Gach aoisghrúpa
Arna chraoladh ag TG4
IONAD: An Stáitse Mór, An tIonad Comhdhála, Óstán Citywest

1.00 p.m.

COMÓRTAS ÓRÁIDE: 5 nóiméad d'óráid ar an téama ‘I dtreo Éire Athaontaithe.’
Arna eagrú ag Sinn Féin
Iarrfar ar iarrthóirí 5 nóiméad cainte a dhéanamh bunaithe ar an gceist seo a leanas: ‘I gcás reifrinn ar cheist na teorann, conas a mhealltar daoine nach den traidisiún náisiúnach chun vóta a chaitheamh ar son Éire Aontaithe?’
Tá dhá dhuais le buachan ar an lá. Moltar d’iarrthóirí a bheith beomhar, bríomhar agus soiléir ina gcuid cainte.
IONAD: Svuít Carraig, An tIonad Comhdhála, Óstán Citywest

1.00 p.m.

SEIMINEÁR: Gairmeacha le Gaeilge
Arna eagrú ag Foras na Gaeilge
IONAD: Aonach an Oireachtais

1.00 p.m.

SEOLADH SUÍOMH NUA PEIG.IE
Beidh cainteoirí spéisiúla, taispeántas den suíomh agus seoladh Nuachtlitir WhatsApp PEIG.ie mar chuid den seoladh agus beidh comórtas speisialta á reáchtáil thar an deireadh seachtaine chomh maith. Buail trasna chuig Aonach an Oireachtas le treoir PEIG.ie don fhéile a fháil. Bígí linn!
Arna eagrú ag Conradh na Gaeilge
IONAD: Svuít Citywest, Óstán Citywest

1.30 p.m.

AN CHÚIRT FILÍOCHTA
Léifear cuid den nua-fhilíocht is fearr atá againn, tabharfar deis d'fhilí na tíre aithne a chur ar a chéile agus an fhilíocht a phlé. Cuirfear fáilte roimh ghnáthphobal an Oireachtais a bheith i láthair chun a bheith ag éisteacht nó chun dán a aithris más mian leo. Ba chóir d'fhilí ar mhaith leo páirt a ghlacadh sa Chúirt teagmháil a dhéanamh roimh ré leis an sirriam gníomhach @ pmacabhaird@gmail.com
Le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge 
IONAD: Svuít Newcastle, An tIonad Fóillíochta, Óstán Citywest

2.00 p.m.

CLUICHÍ BOIRD
Scrabble & Monopoly, arna eagrú ag Glór na nGael
IONAD: An Lobbaí, Óstán Citywest

2.00 p.m.

CRAOLADH BEO ÓN OIREACHTAS
Thar dhá uair an chloig, beidh Raidió Fáilte ag cur éagsúlacht iomlán an Oireachtais i láthair i gclár lán le ceol, caint, amhránaíocht, damhsa, craic agus aíonna speisialta. Ná caill é ar chraiceann do chluasa!
Arna chraoladh ag Raidió Fáilte
IONAD: Aonach an Oireachtais

2.00 p.m.

ÚSÁID FOCLOIR.IE AGUS TEANGLANN.IE
Cur i láthair c. 30 nóiméad ag taispeáint conas lántairbhe a bhaint as na foclóirí agus áiseanna ar líne ag focloir.ie agus teanglann.ie.
Seisiún ceisteanna agus plé ina dhiaidh.
Beidh tae agus caife ar fáil.
Arna eagrú ag Foras na Gaeilge
IONAD: Svuít Silken Thomas, Óstán Citywest

3.00 p.m.

CRAOBH DÍOSPÓIREACHTA GAEL LINN
Do mhic léinn tríú leibhéil
Rún: Tá todhchaí gheal roimh an Aontas Eorpach!
Aoichainteoir: Deaglán de Bréadún, Iriseoir agus Údar
Cathaoirleach: Seán Ó Ceallaigh, Gael Linn
Beidh ceithre fhoireann san iomaíocht a bheidh tar éis páirt a ghlacadh i réamhbhabhtaí cáilithe. Bronnfar Corn Gael Linn/The Irish Times, Bonn airgid an Oireachtais agus €150 an duine ar na buaiteoirí. Bronnfar Bonn cré-umha an Oireachtais agus €75 an duine orthu siúd a thagann sa dara háit.
(Eagraithe i gcomhar le Caolán Mac Grianna, Comhordaitheoir Tríú Leibhéal, Conradh na Gaeilge)
IONAD: Svuít Citywest, Óstán Citywest

3.00 p.m.

MÓRSHEOLADH LEABHAR
Arna eagrú ag Leabhar Breac
Seolfaidh an tOllamh Pádraig Ó Macháin eagrán nua sómasach den sárleabhar Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne le Nessa Ní Sheaghdha. Leabhar í seo a aithnímid go coitianta mar théacsleabhar ach tabharfaidh an t-eagrán nua seo a ceart di mar leabhar a léitear le cion is le taitneamh.
Chomh maith leis sin, déanfar seoladh ar fhómhar leabhar na bliana seo: Charlie agus Monarcha na Seacláide le Roald Dahl (arna aistriú ag Niamh Ní Argáin), Ar Luch agus ar Dhuine le John Steinbeck (arna aistriú ag Colmcille Ó Monacháin) agus ar thrí leabhar nua do pháistí sa tsraith Mac Tíre le hOrienne Lallemand.
Orthu siúd a bheidh ag léamh dúinn ag an ócáid beidh Liam Mac Cóil (a léifidh sliocht dúinn as a leabhar nua Bealach na Spáinneach) agus Niamh Ní Argáin.
Reáchtáilfear comórtas dathadóireacht do pháistí ag an ócáid agus cuirfear fíon agus sóláistí ar fáil.
IONAD: Svuít Citywest, Óstán Citywest

3.15 p.m.

SEOLADH LEABHAIR
Tairngreacht, scéinséir nua le Proinsias Mac a' Bháird á sheoladh Alan Titley. Buaiteoir an chéad duais i gComórtais Liteartha an Oireachtais 2018, is é seo an dara úrscéal ó pheann Phroinsias. Ní gan chúis go dtugtar 'Dan Brown na Gaeilge' ar Phroinsias!
Arna fhoilsiú ag LeabhairCOMHAR
IONAD: Svuít Newcastle, An tIonad Fóillíochta, Óstán Citywest

4.00 p.m.

LÉAMHA PRÓIS
'Sliocht' arna eagrú ag Cló Iar-Chonnacht
IONAD: Svuít Newcastle, An tIonad Fóillíochta, Óstán Citywest

4.00 p.m.

LÉAMHA PRÓIS
'Sliocht' arna eagrú ag Cló Iar-Chonnacht
IONAD: Svuít Newcastle, An tIonad Fóillíochta, Óstán Citywest

4.00 p.m.

SEOLADH LEABHAIR
Seolfar an trí leabhar ‘Fir Bhuí na dTrí Chaisleán’, ‘Doire an Deiscirt’ agus ‘Fir bhuí Chontae an Chonartha’ le linn na hócáide. Ceann de na gnéithe is ilghnéithí agus is lú a bhfuil eolas orthu i scéal na hÉireann ná scéal an Oráisteachais taobh amuigh de theorainneacha Uladh – scaitheamh den tsaol, bhí a chuid Fear Buí agus a chuid Lóistí Oráisteacha i ngach uile chontae in Éirinn! Is mar chuid dá iarracht leis an ‘Stair Cheilte’ seo a thabhairt chun solais a d’fhéach Cumhaidh Ó Dubhagáin, staraí as Ard Mhacha, le scéal roinnt contaetha éagsúla a sholáthar i bhfoirm chló. Le cúnamh an scoláire Gaeilge Ciarán Ó Coigligh tá riar acu seo curtha i láthair lucht léite nua.
IONAD: Svuít Brittas, An tIonad Fóillíochta, Óstán Citywest

5.00 p.m.

CLUB NA FÉILE NA nÓG
Amhránaíocht, damhsa agus ceol den scoth!
Seisiún mór siamsaíochta do na hiomaitheoirí óga ar fad a bhí rannpháirteach i gcomórtais ardáin an Oireachtais agus dá gcairde.
IONAD: Svuít Lakes, An tIonad Comhdhála, Óstán Citywest

5.00 p.m.

SEOLADH LEABHAR
Tine Ghealáin
Bailiúchán dánta le Máire Dinny Wren á sheoladh ag Áine Ní Ghlinn.
Arna fhoilsiú ag Éabhlóid
IONAD: Svuít Rathcoole, An tIonad Fóillíochta, Óstán Citywest

5.15 p.m.

SEIRBHÍS MHACHNAIMH
Arna eagrú ag Cumann Gaelach Eaglais na hÉireann
IONAD: Svuít Swiftbrook, Óstán Citywest

6.30 p.m.

CEOLCHOIRM NA gCÓRACHA
IONAD: Svuít Citywest, Óstán Citywest

7.00 p.m.

COMÓRTAS DO DHAOINE FÁSTA: CORN UÍ RIADA
An Príomhchomórtas Amhránaíochta ar an Sean-Nós
BEO ÓN OIREACHTAS ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, www.tg4.tv agus www.antoireachtas.ie.
IONAD: An Stáitse Mór, An tIonad Comhdhála, Óstán Citywest

10.15 p.m.

GaelGÁIRÍ

IONAD: An tIonad Comhdhála, Óstán Citywest

11.00 p.m.

CLUB AMHRÁNAÍOCHTA 
'Casadh an tSúgáin'
Seolfar dlúthdhiosca Caitríona Ní Cheannabháin 'Songs from the Mist' le linn hoíche.
IONAD: Svuít Kingswood, Óstán Citywest

11.00 p.m.

CLUB NA FÉILE
le Pólca 4
IONAD: Svuít Citywest, Óstán Citywest