9.30 a.m.
|
COMÓRTAS 22 Veidhlín IONAD: Amharclann an Oireachtais, Óstán Brehon
|
9.30 a.m.
|
#parkrun! IONAD: Teach Mhucrois, An Pháirc Náisiúnta, Cill Airne
|
10.00 a.m.
|
COMÓRTAS 27 Scéalaíocht: Príomhchomórtas IONAD: Seomra Park, Óstán Brehon
|
10.30 a.m.
|
COMÓRTAS 23 Ceol Beirte IONAD: Amharclann an Oireachtais, Óstán Brehon
|
10.30 a.m.
|
AONTAS NA SCRÍBHNEOIRÍ Ollchruinniú Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge. Seolfar suíomh gréasáin nua an Aontais ag ócáid i ndiaidh an chruinnithe. IONAD: Seomra Inis Faithleann, Óstán Gleneagle
|
11.00 a.m.
|
SEIMINEÁR AN OIREACHTAIS Arna eagrú ag Conradh na Gaeilge Aoichainteoirí: Máire Ní Neachtain, Anna Ní Ghallachóir, Daithí Mac Cárthaigh, Dónall Ó Cnáimhsí & Róisín Ní Mhaoláin. Cathaoirleach: Dara Ó Cinnéide IONAD: Ballroom, Óstán Gleneagle
|
11.00 a.m.
|
CRAOLADH BEO ÓN OIREACHTAS Clár Raidió: Seó an Oireachtais Arna chraoladh ag RTÉ Raidió na Gaeltachta IONAD: An Lobbaí, Óstán Gleneagle
|
11.00 a.m. - 12.00 p.m.
|
CÓISIR CÚLA4 Ba mhór ag Cúla4 tú a bheith ina dteannta nuair a sheolfar an tsraith nua ‘Ár Scéal’. Is sraith nua beo-aicsin é Ár Scéal atá léirithe ag Meangadh Fíbín do TG4. Tá fáilte roimh chách ag an ócáid teaghlaigh seo. IONAD: Seomra Mangerton, Óstán Gleneagle
|
|
12.00 p.m.
|
COMÓRTAS 31 Amhránaíocht Nach Sean-Nós Í IONAD: Amharclann an Oireachtais, Óstán Brehon
|
12.30 p.m.
|
CRAOLADH BEO ÓN OIREACHTAS Clár Raidió: Iarnóin Clár cúrsaí reatha curtha i láthair ag Barra Mac Aodha Bhuí ó Raidió na Life Plé ar imeachtaí nuachta na seachtaine agus na mórcheisteanna a bhaineann le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta IONAD: 'An Nead', Lobbaí Óstán Gleneagle
|
12.45 p.m.
|
PRÍOMHCHOMÓRTAIS RINCE AR AN SEAN-NÓS Gach aoisghrúpa Beo ar TG4 IONAD: INEC
|
1.00 p.m.
|
COMÓRTAS ÓRÁIDE: 5 nóiméad d’óráid ar an ábhar ‘I dtreo Éire Nua' Arna eagrú ag Sinn Féin Urraithe ag Liadh Ní Riada FPE IONAD: Seomra na Mumhan, Óstán Brehon
|
1.00 p.m.
|
SEIMINEÁR: Gairmeacha le Gaeilge Arna eagrú ag Foras na Gaeilge IONAD: Ardán an Aonaigh, Aonach an Oireachtais, INEC
|
1.00 p.m.
|
BLIAIN NA GAEILGE – Súil Siar ar an mBliain & An Chéad Chéim Eile Bíodh lón agat agus breathnú siar ar phríomh imeachtaí de chuid Bhliain na Gaeilge 2018. Chomh maith leis sin seolfar feachtas nua do na Gaeil a chuirfidh críoch leis an mBliain. IONAD: Ballroom, Óstán Gleneagle
|
1.30 p.m.
|
AN CHÚIRT FILÍOCHTA Léifear cuid den nua-fhilíocht is fearr atá againn, tabharfar deis d'fhilí na tíre aithne a chur ar a chéile agus an fhilíocht a phlé. Cuirfear fáilte roimh ghnáthphobal an Oireachtais a bheith i láthair chun a bheith ag éisteacht nó chun dán a aithris más mian leo. Ba chóir d'fhilí ar mhaith leo páirt a ghlacadh sa Chúirt teagmháil a dhéanamh roimh ré leis an sirriam gníomhach @ pmacabhaird@gmail.com Le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge IONAD: Seomra Inis Faithleann, Óstán Gleneagle
|
2.00 p.m.
|
ÚSÁID FOCLÓIR.IE AGUS TEANGLANN.IE Arna eagrú ag Foras na Gaeilge Cur i láthair c. 30 nóiméad ag taispeáint conas lántairbhe a bhaint as na foclóirí ar líne ag www.focloir.ie agus www.teanglann.ie IONAD: Seomra Torc, Óstán Gleneagle
|
2.00 - 4.00 p.m.
|
CRAOLADH BEO ÓN OIREACHTAS Clár Raidió: Raidió ar an Ród Irischlár siamsaíochta le craoltóirí Raidió Fáilte ina measc Eoghan Ó Néill, Edel Ní Churraoin, Ciarán Mag Uidhir, Caoimhe Ní Chathail, Dónall Mac Murchaidh agus J.J Ó Dochartaigh. IONAD: ‘An Nead’, An Lobbaí, Óstán Gleneagle
|
2.00 p.m. – 5.00 p.m.
|
NA PÍOBAIRÍ UILLEANN Beidh píobairí aitheanta ag casadh ceoil beo ar an lá agus beidh cur síos freisin ar stair na bpíobaí. Beidh deis freisin do dhaoine iarracht a bhaint as na píobaí. IONAD: Ardán an Aonaigh, Aonach an Oireachtais, INEC
|
2.00 p.m.
|
CLUICHÍ BOIRD Scrabble & Monopoly, arna n-eagrú ag Glór na nGael IONAD: An Lobbaí, Óstán Gleneagle
|
2.00 p.m.
|
SEOLADH LEABHAIR Gáire in Éag Cnuasach scéalta ficsin le Seán Ó Muireagáin á sheoladh go hoifigiúil ag Ciarán Ó Cofaigh. Scéalta corraitheacha suite i dtréimhse na dtrioblóidí in Éirinn. Arna fhoilsiú ag Éabhlóid IONAD: Seomra Park, Óstán Brehon
|
3.00 p.m.
|
DRÁMA An Mhéar Fhada le Johnny Cóil Mhaidhc Cliar: Pádraicín a’Táilliúra Ó Conghaile, Danny Wallace, Máirín Mhic Lochlainn, Bríd Uí Choisdealbha. Dearthóir Seite: John Keane Cúntóirí Léirithe: Pádraic Ó Súilleabháin, Bairbre Ní Thuairisc Léiritheoir: Seosamh Mac Donnacha Táille Iontrála: €15 (Ní chlúdaíonn ticéad na féile an imeacht seo) IONAD: Amharclann an Oireachtais, Óstán Brehon
|
3.00 p.m.
|
CRAOBH DÍOSPÓIREACHTA GAEL LINN Do mhic léinn tríú leibhéil Rún: ‘Tá na meáin chumarsáide thraidisiúnta cloíte ag na meáin shóisialta’ Aoichainteoir: Eoghan Ó Néill, Iriseoir agus Craoltóir Cathaoirleach: Seán Ó Ceallaigh Beidh ceithre fhoireann san iomaíocht a bheidh tar éis páirt a ghlacadh i réamhbhabhtaí cáilithe. Bronnfar Corn Gael Linn/The Irish Times, Bonn airgid an Oireachtais agus €150 an duine ar na buaiteoirí. Bronnfar Bonn cré-umha an Oireachtais agus €75 an duine orthu siúd a thagann sa dara háit. (Eagraithe i gcomhar le Alswyn Ní Aonghusa Ní Dhúill, Conradh na Gaeilge) IONAD: Ballroom, Óstan Gleneagle
|
3.00 p.m.
|
MÓRSHEOLADH LEABHAR Arna eagrú ag Leabhar Breac Seolfar na leabhair seo a leanas: An Tromdhámh le Feargal Ó Béarra Teach an Gheafta le Cathal Ó Searcaigh Tuatha Dé Danann le Diarmuid Johnson Na Gamail (The Twits) le Roald Dahl (aistrithe ag Muiris Ó Raghallaigh) Cú 3 le Paul Bolger Trí leabhar nua sa tsraith ‘Macán' agus sa tsraith 'Mac Tíre' do pháistí Eagrán nua de Fonn a Níos Fiach le Pádraig Ua Maoileoin Táin Bó Cuailnge le Darach Ó Scolaí (leabhar atá ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin i mbliana). I measc na léitheoirí i mbliana beidh Feargal Ó Béarra féin, fear na Tromdháimhe; Niamh Ni Argáin a léifidh sliocht as a haistriúchán ar Charlie agus Monarcha na Seacláide a fhoilseofar roimh dheireadh na bliana; Bernadette Nic an tSaoir a léifidh sliocht as scéinséir nua atá á haistriú aici, Chourmo; agus Darach Ó Scolaí a léifidh sliocht as Táin Bó Cuailnge. Beidh ceol, siamsaíocht, fíon agus blaistíní ag an ócáid, chomh maith le comórtas dathadóireachta do na léitheoirí óga. IONAD: Seomra Mangerton, Óstán Gleneagle
|
3.30 p.m.
|
FORAM Arna eagrú ag Glór na nGael Déanfar cur i láthair gairid ar obair an ghrúpa atá ag plé leis an doiciméad I dTreo Plean Straitéiseach don Ghaeilge mar Theanga Clainne. Pléifear feasacht, comhairle agus tacaíocht phraiticiúil, gréasánaíocht agus acmhainní. Baileofar eolas agus barúlacha tuismitheoirí maidir leis na riachtanais agus na dúshláin a bhaineann le tógáil clainne le Gaeilge. IONAD: Seomra na Mumhan, Óstán Brehon
|
4.00 p.m.
|
LÉAMHA PRÓIS ‘SLIOCHT’ arna eagrú ag Cló Iar-Chonnachta IONAD: Seomra Inis Faithleann, Óstán Gleneagle
|
4.00 p.m. |
CRUINNIÚ POIBLÍ Arna eagrú ag Teacht Aniar ‘Pleanáil Teanga agus forbairt pobail’ IONAD: Seomra Park, Óstán Brehon
|
5.00 p.m.
|
CLUB NA FÉILE NA nÓG Amhránaíocht, damhsa agus ceol den scoth! Seisiún mór siamsaíochta do na hiomaitheoirí óga ar fad a bhí rannpháirteach i gcomórtais ardáin an Oireachtais agus dá gcairde. IONAD: Seomra Mangerton, Óstán Gleneagle
|
5.15 p.m.
|
SEIRBHÍS MHACHNAIMH Arna eagrú ag Cumann Gaelach Eaglais na hÉireann IONAD: Seomra Torc, Óstán Gleneagle
|
5.30 p.m.
|
CEOLCHOIRM NA gCÓRACHA Rannpháirtíocht ó chóir Ghaelacha agus aíonna speisialta ón mBreatain Beag. IONAD: Ballroom, Óstán Gleneagle
|
6.00 p.m.
|
CAINT PHOIBLÍ: “Misneach in aimsir na nÉigeandálaí” Tabharfaidh baill de Mhisneach caint ar ghnéithe éagsúla den streachailt atá ar bun ar son todhchaí phobal na Gaeilge agus na hÉireann trí chéile. Labhrófar ar ról agus obair Mhisneach, ar ghéarchéim na Gaeltachta, ar an bhfeimineachas mar chuid de chúis na nGael agus ar an mbunús eacnamaíochta atá leis na trioblóidí polaitiúla, sóisialta agus timpeallachta atá ag bagairt ar na Gaeil agus ar an gcine daonna go léir. IONAD: Seomra na Mumhan, Óstán Brehon
|
7.00 p.m.
|
COMÓRTAS 41: CORN UÍ RIADA An Príomhchomórtas Amhránaíochta ar an Sean-Nós BEO ÓN OIREACHTAS ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, www.tg4.tv aguswww.antoireachtas.ie. IONAD: INEC
|
7.00 p.m.
|
DRÁMA Caifé-ar-Ais Arna léiriú ag Aisteoirí Bulfin Dráma aonghnímh a scríobh Aodh Ó Domhnaill i 1986. Tarlaíonn trí bheirt ó thráthanna éagsúla le chéile sa chaifé rúndiamhair seo áit éigin ar an mór-roinn, caifé atá faoi stiúir freastalaí diamhair, François, agus a chócaire, Chef Máirtín. Tá cuimhní gach duine lárnach don dráma, agus is de réir a chéile a thagann sé chun solais cé chomh lárnach! CLIAR: Justin Ó Scannail, Rónan Lynagh, Lionel Mac Cárthaigh, Elaine O’Dea, Seán Ó Broin, Fidelma Ní Ghallchobhair, Eimear Ní Mhéalóid, Aoileann Ní Chonchubhair, Áine Ní Ghlinn, Seán Mac Dhonnagáin, Ed Cotter. LÉIRITHEOIR: Fidelma Ní Ghallchobhair DEARADH SOILSE: Mike Donoghue FUAIM & SOILSE: Mike Donoghue CULTACHA: Lelia Ní Chinnéide BAINISTEOIR STÁITSE: Lelia Ní Chinnéide IONAD: Amharclann an Oireachtais, Óstán Brehon
|
8.00 p.m.
|
DRÁMA Dearmad na Fola Arna léiriú ag Aisteoirí Bulfin. Dráma Aodh Uí Dhomhnaill. Díríonn an dráma ar an tsochaí agus forbairt na teicneolaíochta inar féidir le comhlachtaí móra cuimhne daonna a cheannach. Tugann siad geallúint dá gcuid custaiméir go ndéanfar caomhnú ar a gcuid smaointe agus taithí saoil agus go ndéanfar staidéar cuimsitheach ar na smaointe céanna tar éis a mbáis. Cé go gcreideann taighdeoir amháin go bhfuil sí ag obair i dtreo leigheas a fháil ar iompar síceapatach, deirtear le taighdeoir eile go bhfuil príomhaidhm an taighde rúnda agus dainséarach. IONAD: Amharclann an Oireachtais, Óstán Brehon
|
10.15 p.m. |
GaelGÁIRÍ Tá gigeanna grinn ó cheann ceann na tíre eagraithe ag GaelGÁIRÍ, an t-aon chlub grinn Gaeilge sa chruinne uile. I measc na bhfuirseoirí beidh; Julie Jay, Aideen McQueen, Cillian Ó Braonáin, Seán T. Ó Meallaigh agus Eoin P. Ó Murchú (lena sheó Google Translate agus an Dr. Zúlú Lord). Beidh aoi speisialta ann ar an oíche... Le tacaíocht ó Bhliain na Gaeilge 2018. IONAD: Amharclann an Oireachtais, Óstán Brehon
|
11.00 p.m.
|
CLUB AMHRÁNAÍOCHTA 'Casadh an tSúgáin' le Máirín Uí Chéide IONAD: Seomra Mangerton, Óstán Gleneagle
|
11.00 p.m.
|
CLUB NA FÉILE le Pólca 4 IONAD: INEC
|