DÉ CÉADAOIN - 30 Deireadh Fómhair 2019

Imeachtaí na Féile | Oireachtas na Samhna | An tOireachtas

9.30 a.m.

SEIMINEÁR - DEISEANNA FOSTAÍOCHTA SAN AE
Arna eagrú ag an gCoimisiún Eorpach agus ag Rialtas na hÉireann
IONAD: Óstán Citywest

3.00 p.m.

SEOLADH OIFIGIÚIL NA FÉILE
BRONNADH DHUAISEANNA LITEARTHA AN OIREACHTAIS 2019
IONAD: Svuít Citywest, Óstán Citywest

4.00 p.m.

CRUINNIÚ CHINN BHLIANA CUMANN NA nOIFIGEACH FORBARTHA GAEILGE (COFG)
Gréasán uile Éireannach é Cumann na nOifigeach Forbartha Gaeilge (COFG) d’Oifigigh Forbartha Gaeilge atá fostaithe san Earnáil Phoiblí agus Stáit, ina measc na hÚdaráis Áitiúla. 
IONAD: Svuít Rathcoole, An tIonad Comhdhála, Óstán Citywest

5.00 p.m.

POP-UP CAINTEANNA
Ócáid shóisialta don phobal ina mbeidh cainteanna gonta agus sóláistí spreagúla dírithe ar shíol nó smaointe spéisiúla atá idir láimhe ag Pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.
Arna eagrú ag Cumann na nOifigeach Forbartha Gaeilge 
IONAD: Svuít Newcastle, An tIonad Comhdhála, Óstán Citywest

7.00 p.m.

FÁILTIÚ NA nGRADAM CUMARSÁIDE
Cuirfear tús leis an oíche le Fáilte Séaimpéine
IONAD: Svuít Citywest, Óstán Citywest

7.30 p.m.

CRAOLADH BEO ÓN OIREACHTAS
‘Oireachtas 2019’ á chur i láthair ag Máire T. Ní Mhadaoin. Clár speisialta ina mbeidh agallaimh le haíonna agus iad ag siúl an Chairpéid Dheirg isteach chuig Searmanas Bronnta Na nGradam Cumarsáide 2019.
Arna chraoladh beo ar TG4.
IONAD: Svuít Citywest, Óstán Citywest

8.00 p.m.

ÓCÁID BHRONNTA GHRADAIM CHUMARSÁIDE AN OIREACHTAIS
BEO ÓN OIREACHTAS ar www.tg4.tv agus www.antoireachtas.ie 
IONAD: Svuít Citywest, Óstán Citywest