DÉ SATHAIRN 4 Samhain 2017

9.30 a.m

RÁS AN OIREACHTAIS
Rás deireanach na bliana i sraith ‘Na Rásaí’
IONAD: Teach Mhucrois, An Pháirc Náisiúnta, Cill Airne 

9.30 a.m.

AONTAS NA SCRÍBHNEOIRÍ
Ollchruinniú an Oireachtais
IONAD: Seomra Inis Faithleann, Óstán Gleneagle 

9.30 a.m.

COMÓRTAS 25
Ceol Beirte
IONAD: Amharclann an Oireachtais, Óstán Brehon 

10.00 a.m.

CRAOLADH BEO ÓN OIREACHTAS
‘An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra’
IONAD: An Ródaí, RTÉ Raidió na Gaeltachta COMÓRTAS 27

10.30 a.m.

Scéalaíocht: Príomhchomórtas
IONAD: Seomra Park, Óstán Brehon

11.00 a.m.

SEIMINEÁR AN OIREACHTAIS: ‘Athbheochan?’
Arna eagrú ag Conradh na Gaeilge
Aoichainteoirí: Alan Titley, Máirín Ní Ghadhra, Pádraig Ó Tiarnaigh & Eoin P. Ó Murchú
Cathaoirleach: Dr. Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge.
IONAD: Ballroom, Óstán Gleneagle

11.00 a.m

ÓCÁID CÚLA4 NA nÓG
Beidh neart spraoi agus craic i measc cairde Cúla4. Dúshláin cheol, damhsa, Minecraft as Gaeilge, péinteáil aghaidhe, chomh maith le spot dhuaiseanna agus go leor eile. Fáilte roimh chách ag an ócáid teaghlaigh seo.
IONAD: Seomra Mangerton, Óstán Gleneagle 

11.00 a.m.

CRAOLADH BEO ÓN OIREACHTAS
‘Bláthnaid Libh’
IONAD: An Lobbaí, Óstán Gleneagle 

12.00 p.m.

CRAOLADH BEO ÓN OIREACHTAS
‘Togha agus Rogha’
IONAD: An Lobbaí, Óstán Gleneagle 

12.00 p.m.

SEOLADH LEABHAIR
Arna fhoilsiú ag Comhar
IONAD: Ardán an Aonaigh, Aonach an Oireachtais, INEC 

12.30 p.m – 1.30 p.m.

CRAOLADH BEO ÓN OIREACHTAS
Clár Raidió: Iarnóin
Clár cúrsaí reatha curtha i láthair ag Barra Mac Aodha Bhuí agus Cormac Breathnach ó Raidió na Life
Plé ar imeachtaí nuachta na seachtaine agus na  mórcheisteanna a bhaineann le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta
IONAD: ‘An Nead’, Óstán Gleneagle 

1.00 p.m.

BRONNADH DHUAISEANNA
Rás an Oireachtais
IONAD: An Chéad Urlár, Óstán Brehon 

1.00 p.m.

COMÓRTAS 31
Amhránaíocht Nach Sean-Nós Í
IONAD: Amharclann an Oireachtais, Óstán Brehon 

1.00 p.m.

SEIMINEÁR: Gairmeacha le Gaeilge
Arna eagrú ag Foras na Gaeilge
IONAD: Ardán an Aonaigh, Aonach an Oireachtais, INEC 

1.00 p.m.

SEOLADH BLIAIN NA GAEILGE 2018
IONAD: Ballroom, Óstán Gleneagle 

1.00 p.m.

AN CHÚIRT FILÍOCHTA
Léifear cuid den nua-fhilíocht is fearr atá againn, tabharfar deis d'fhilí na tíre aithne a chur ar a chéile agus an fhilíocht a phlé.
Cuirfear fáilte roimh ghnáthphobal an Oireachtais a bheith i láthair chun a bheith ag éisteacht nó chun dán a aithris más mian leo.
Ba chóir d'fhilí ar mhaith leo páirt a ghlacadh sa Chúirt teagmháil a dhéanamh roimh ré leis an sirriam gníomhach a pmacabhaird@gmail.com
Le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge
IONAD: Seomra Inis Faithleann, Óstán Gleneagle 

1.00 p.m.

COMÓRTAS ÓRÁIDE & SEOLADH TUAIRISCE
Arna eagrú ag Sinn Féin
COMÓRTAS ÓRÁIDE: 5 nóiméad d’óráid ar an ábhar ‘I dtreo Éire Aontaithe’
Urraithe ag Liadh Ní Riada
SEOLADH TUAIRISCE GAELTACHTA leis an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh agus le Peadar Toibín TD.
IONAD: Seomra na Mumhan, Óstán Brehon 

1.15 p.m.

PRÍOMHCHOMÓRTAIS RINCE AR AN SEAN-NÓS
Gach aoisghrúpa
Beo ar TG4
IONAD: INEC

2.00 p.m.

ÚSÁID FOCLÓIR.IE AGUS TEANGLANN.IE
Arna eagrú ag Foras na Gaeilge
Cur i láthair c. 30 nóiméad ag taispeáint conas lántairbhe a bhaint as na foclóirí ar líne ag www.focloir.ie agus www.teanglann.ie
IONAD: Seomra Torc, Óstán Gleneagle 

2.00 p.m – 5.00 p.m.

NA PÍOBAIRÍ UILLEANN
Beidh píobairí aitheanta ag seinm ceoil agus déanfar cur síos ar stair na bpíobaí.
Beidh deis freisin ag daoine triail a bhaint as na píobaí.
IONAD: Ardán an Aonaigh, Aonach an Oireachtais, INEC 

2.00 p.m.

CLUICHÍ BOIRD
Scrabble & Monopoly, arna n-eagrú ag Glór na nGael
IONAD: An Lobbaí, Óstán Gleneagle

3.00 p.m.

CRAOBH DÍOSPÓIREACHTA GAEL LINN
Do mhic léinn tríú leibhéil
Beidh ceithre fhoireann san iomaíocht a bheidh tar éis páirt a ghlacadh i réamhbhabhtaí cáilithe timpeall na tíre.
Bronnfar Corn Gael Linn / The Irish Times chomh maith le €100 an duine ar na buaiteoirí.
Bronnfar €50 an duine orthu siúd a thagann sa dara háit.
IONAD: Ballroom, Óstan Gleneagle

3.00 p.m.

SEOLADH: Rith2018
Arna eagrú ag Rith
IONAD: An Chéad Urlár, Óstán Brehon

3.00 p.m.

SEIMINEÁR TEACHT ANIAR
IONAD: Seomra Park, Óstán Brehon 

3.00 p.m.

MÓRSHEOLADH LEABHAR
Arna eagrú ag Leabhar Breac
IONAD: Seomra Mangerton, Óstán Gleneagle 

4.00 p.m.

LÉAMHA PRÓIS
‘SLIOCHT’ arna eagrú ag Cló Iar-Chonnachta
IONAD: Seomra Inis Faithleann, Óstán Gleneagle 

5.00 p.m.

CLUB NA FÉILE NA nÓG
IONAD: Ballroom, Óstán Gleneagle

5.00 p.m.

SCANNÁN
‘Song of Granite’ faoin amhránaí sean-nóis, Seosamh Ó hÉanaí.
Níorbh aon strainséir don Oireachtas é Seosamh Ó hÉanaí, fear a bhua an bonn óir i 1955 agus a bhí ina churadh cosanta agus ina eiseamláir don sean-nós ar fud an domhain i rith a shaoil.

Sa scannán beathaisnéise seo, léirítear a shaol agus a shaothar agus mar a chuaigh an ceol dúchasach ar an Aird Thoir i gConamara i bhfeidhm air ó aois óg, agus mar a chuidigh a thógáil, an ceol, an mhiotaseolaíocht agus an scéalaíocht cruth a chur air mar dhuine tharraingteach chasta.

Comhscríofa ag Pat Collins, Eoghan Mac Giolla Bhríde agus Sharon Whooley, rinneadh an scannán a thaispeáint den chéad uair ag Féile SXSW sna Stáit Aontaithe i mbliana. Mar duine dhúrúnda agus ilchasta, bhí Seosamh Ó hÉanaí ar dhuine de na hamhránaithe sean-nóis is fearr dá raibh ann ach d’fhág a streachailt le bheith mar fhíor-ealaíontóir lorg domhain pearsanta air.

Tá lúcháir orainn Song of Granite a thaispeáint anseo ag Oireachtas na Gaeilge sula dtagann sé amach sna pictiúrlanna níos moille sa bhliain.

Cuireadh an scannán chun tosaigh mar iontráil na hÉireann ag na Academy Awards 2018 sa rannóg ‘Scannán is fearr i dTeanga Iasachta’. 

Stiúrthóir:  Pat Collins
Léiritheoirí feidhmiúcháin:  Philip King, Tina Moran, Keith Potter
Léiritheoirí:  Alan Maher, Jessie Fisk, Martin Paul-Hus
Scríbhneoirí: Pat Collins, Eoghan Mac Giolla Bhríde, Sharon Whooley
Cineamatagrafaí: Richard Kendrick
Eagarthóir: Tadhg O'Sullivan
Príomhaisteoirí: Macdara Ó Fátharta, Mícheál Ó Confhaola, Pól Ó Ceannabháin agus Colm Seoighe
IONAD: Amharclann an Oireachtais, Óstán Brehon 

5.15 p.m.

SEIRBHÍS MHACHNAIMH
Arna eagrú ag Cumann Gaelach Eaglais na hÉireann
IONAD: Seomra Torc, Óstán Gleneagle 

6.00 p.m.

CEOLCHOIRM NA gCÓRACHA
Rannpháirtíocht ó chóir Ghaelacha ó cheann ceann na tíre, ina measc, Cór Fear na nDéise, Cór Loch Laoi agus Óró. Tiocfaidh baill ó cúig chór ar fad le chéile le haghaidh ceolchoirm spleodrach.
IONAD: Ballroom, Óstán Gleneagle 

7.00 p.m.

COMÓRTAS 41: CORN UÍ RIADA
An Príomhchomórtas Amhránaíochta ar an Sean-Nós
BEO ÓN OIREACHTAS ar RTÉ Raidió na Gaeltachta & Facebook an Oireachtais agus TG4
IONAD: INEC

8.00 p.m.

DRÁMA Stiofán an Déagóir
Arna léiriú ag Splódar

Sleachta as ‘A Portrait of the Artist as a Young Man’. Cur síos ceolmhar ar eachtraí áirithe i saol Joyce nuair a bhí sé ina dhéagóir, ina measc, eachtra na striapaí óige; é féin agus a athair i gCorcaigh; an tseanmóir ar ifreann agus a chaidreamh le hEmma, a chéad-ghrá.
Eoin Ó Dubhghaill agus Fionnuala Flaherty atá i mbun na rólanna éagsúla.
IONAD: Amharclann an Oireachtais, Óstán Brehon

10.30  p.m.

CLUB AMHRÁNAÍOCHTA 
'Casadh an tSúgáin'
Láithreoir: Máirín Uí Chéide
IONAD: Seomra Mangerton, Óstán Gleneagle

11.00 p.m.

CLUB NA FÉILE
le Pólca 4
IONAD: INEC