Seastáin, Fógraíocht agus Pacáistí Corparáideacha

Oireachtas na Samhna | An tOireachtas

Ar smaoinigh tú ar sheastán agus/nó fógra a ghlacadh ag Oireachtas na Samhna? Tapaigh an deis d’eagraíocht/do ghnó a chur chun cinn ag an bhféile i mbliana!

Beidh puball speisialta “Aonach an Oireachtais” curtha in airde taobh leis an INEC san Óstán Gleneagle i mbliana do lucht na seastán. Táimid ag súil le hatmaisféar spraíúil agus tarraingteach san Aonach agus imeachtaí iontacha beartaithe thar laethanta na bhféile.

PACÁISTE CORPARÁIDEACH NA FÉILE: Praghas - €1000 - Paypal

  • Ollticéad d’Oireachtas na Samhna a thabharfaidh iontráil isteach chuig gach imeacht x 2
  • Seastán ag Oireachtas na Samhna ar feadh 3 lá
  • Fógra corparáideach lánleathnanaigh (A5) i gclár na féile
  • Fógra corparáideach bliantúil ar shuíomh gréasáin an Oireachtais
  • Iontráil chuig seisiún “Gréasánú Gasta”* do ghnólachtaí ag Oireachtas na Samhna
  • Iontráil saor in aisce do chrannchur bliantúil le haghaidh lóistín deireadh seachtaine do bheirt ag Oireachtas na Samhna
  • Clár na féile x 2
SEASTÁIN & FÓGRAÍOCHT Praghsanna
Seastán ag an bhféile (3 lá), ollticéad amháin (3 lá), clár na féile agus iontráil chuig seisiún “Gréasánú Gasta”* do ghnólachtaí ag Oireachtas na Samhna €400.00 Paypal

Fógra corparáideach bliantúil ar shuíomh gréasáin an Oireachtais
300 x 300 pixels & 728 x 90 pixels - 72 PPI

€250.00 Paypal

Fógra corparáideach lánleathanaigh (A5) i gclár na féile
Lánleathanaigh A5: 210mm Airde x 148mm Leithead le 3mm bleed - 300 PPI

€500.00 Paypal

Fógra corparáideach leath-leathnaigh (A5) i gclár na féile
Leath-leathanaigh A5: 105mm Airde x 148mm Leithead - 300 PPI

€300.00 Paypal

Tá dhá mhodh éagsúla le seastáin & fógraíocht a cheannach d’Oireachtas na Samhna:

  • Ar líne (tríd córas PayPal thíos)
  • Seic/ordú poist: Is gá sonrasc pro-forma a lorg ó oifig an Oireachtais trí ríomhphost a sheoladh chuig eolas@antoireachtas.ie

Is féidir aon cheann de na pacáistí thuasluaite a chur in áirithe ag Seastáin & Fógraíocht nó má tá tuilleadh eolais maidir le pacáistí na féile uait, is féidir teagmháil a dhéanamh le: Aisling Nic Artáin, Oifigeach Cléireachais Ginearálta ag aisling@antoireachtas.ie | 00353 1 475 3857

*Beidh seisiún speisialta “Gréasánú Gasta” le fáiltiú fíona agus canapés á reáchtáil ag Oireachtas na Samhna i mbliana do lucht na seastán ar oíche Déardaoin. Deis iontach a bheidh ann d’eagraíochtaí, do ghnólachtaí, Ranna Stáit agus araile aithne a chur ar a chéile agus teagmhálaithe nua a chruthú!