CLÁRAIGH ANSEO DON CHEATHRÚ RUA
CLÁRAIGH ANSEO DO GHAOTH DOBHAIR
Táimid ar bís le tús a chur le Camchuairt an Oireachtais chuig ceantair Ghaeltachta. Is iad seo na háiteanna a bheidh sroichte againn roimh Oireachtas na Samhna 2023:
AN CHEATHRÚ RUA: Dé Sathairn, 23 Meán Fómhair 2023
GAOTH DOBHAIR: Dé Sathairn, 30 Meán Fómhair 2023
MÚSCRAÍ: Dé Sathairn, 7 Deireadh Fómhair 2023
Beidh Máistrí na nEalaíon ag tabhairt máistir-ranganna do dhaoine óga (faoi bhun 18 mbliana d'aois) san Amhránaíocht ar an Sean-Nós, Damhsa ar an Sean-Nós agus Scileanna Taibhléirithe.
Is gá clárú roimh ré do na ranganna éagsúla agus ná dearmad ainm an té a bheidh i ról an chaomhnóra ar an lá a chlárú freisin!
Beidh Seisiúin Eolais um Chumhdach Leanaí á chur ar fáil do Dhaoine Fásta – beidh sé dírithe cuid mhaith ar dhaoine a bheidh ag obair ar Chriú an Oireachtais ag an bhféile ach níl sé teoranta do na daoine sin.
Beidh na Máistir-Ranganna & an Ceardlann do Dhaoine Fásta saor in aisce.
Beidh deis ag an bpobal chomh maith:
-
Clárú do Chomórtais Ardáin an Oireachtais 2023;
-
Clárú do Chriú an Oireachtais 2023;
-
Ticéid chuig Oireachtas na Samhna a cheannach ar mhargadh réamhfhéile; &
-
Tuairimí / Moltaí maidir leis an Oireachtas a phlé leis an bhfoireann.
Táimid ag súil go mór bualadh libh!