Táimid ag cur ceardlanna scríbhneoireachta ar fáil do scríbhneoirí ar spéis leo drámaí raidió a scríobh. Tabharfar eolas agus comhairle a bheidh ábhartha do dhaoine ar mian leo cur isteach ar an gcomórtas, Dráma Raidió, atá ar chlár Chomórtais Liteartha an Oireachtais 2023.
Cuirfear tús leis na ceardlanna ar Zoom Dé Céadaoin, 22 Márta 2023 ó 6.00 - 8.00 p.m. Ag brath ar éileamh, reáchtálfar an chéad cheardlann arís ar an Déardaoin, 23 Márta 2023 le grúpa eile. Beidh dáta eile i gceist i mí Bealtaine don dara cheardlann.
Is é Cathal Póirtéir a bheidh i mbun na gceardlanna agus tabharfaidh sé léargas ar na bunscileanna a bhaineann le dráma raidió ar ard-chaighdeán a scríobh. I measc na dtéamaí a bheidh faoi chaibidil aige, beidh stíl scríbhneoireachta, suíomhanna, éifeachtaí fuaime agus carachtair. Gheobhaidh rannpháirtithe aiseolas luachmhar ar a saothar féin le linn na sraithe chomh maith.
Níl aon táille i gceist ach is gá clárú roimh ré ag an nasc thíos.
#Oireachtas2023