Féile Náisiúnta Drámaíochta
Amharclann Bhearna na Sceiche, Maigh Chromtha, P12 KR25
Dé hAoine & Dé Sathairn, 4 & 5 Aibreán 2025
Tá an Fhéile Náisiúnta Drámaíochta á eagrú ag an Chomhlachas Náisiúnta Drámaíochta le tacaíocht ón Oireachtas. Beidh drámaí Gaeilge (fada agus gearr), scéaldrámaí, agallaimh bheirte, lúibíní agus scéalaíocht á léiriú ag grúpaí daoine fásta ó na ceithre chúige mar chuid de fhéile na bliana seo!
AOI SPEISIALTA Uachtarán an Oireachtais, Éamon Ó Cuív, Uasal
CLÁR NA FÉILE eolas ag teacht go luath
TICÉID eolas ag teacht go luath
Muna mbeidh deis agat a bheith rannpháirteach i léiriú dráma ag féile na bliana seo, tar chugainn le féachaint ar na drámaí a bheidh ann agus cur aithne ar phobal drámaíochta na Gaeilge. Beidh ticéid ar díol ó oifig ticéad na hamharclainne go luath.
TUILLEADH EOLAIS: taibhealaion@antoireachtas.ie
COMÓRTAIS:
- Drámaí Gaeilge (fada agus gearr)
- Scéaldrámaí
- Agallaimh Bheirte
- Lúibíní
- Scéalaíocht
DUAISEANNA:
- Gradaim do ghnéithe ar leith sna léirithe (Cóiriú, Cultacha, Ceol, Stáitsiú m.sh)
- Gradaim Aisteoireachta
- Gradam Léirithe
- Gradam Foirne
PÁIRCEÁIL:
Tá páirceáil ar fáil i gCearnóg an Bhaile, trasna ón amharclann, agus ar fud an bhaile chomh maith.
IONAD:
Tá níos mó eolais le fáil faoin Amharclann anseo
LÓISTÍN SA CHEANTAR
Óstáin:
Castle Hotel
The Mills – Baile Mhúirne (20 Nóim)
The Abbey / Óstán Ghobnatan- Baile Mhúirne (20 Nóim)
Leaba & Bricfeasta:
Coolcower House