FOLÚNTAS Comhordaitheoir Náisiúnta Taibhealaíon
GRÁD Príomhoifigeach Cúnta
SCÁLA TUARASTAIL €75,822 - €94,491 (Beidh an té a cheapfar ag tosú ag pointe 1 den scála)
LATHAIR OIBRE Féadfaidh an té a bheidh sa ról seo oibriú ó chian ach ní mór a bheith ar aird go mbeidh gné taistil ag baint leis an obair agus go mbeidh cruinnithe foirne ar siúl go tráthrialta, i nGaillimh nó i mBaile Átha Cliath.
CUR SÍOS GINEARÁLTA Tá Plean Gníomhaíochta faoi réir na Straitéise d’Ealaíona Teangabhunaithe na Gaeilge, a d’fhógair An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, i Márta 2024, ullmhaithe ag an Oireachtas agus tá foireann á earcú anois chun an chun an Plean Gníomhaíochta sin a chur i gcrích.
AN FHÍS ‘Ealaíona Teangabhunaithe Gaeilge a bheith á gcleachtadh go saoithiúil, fonnmhar, lúcháireach, ag daoine den uile aoisghrúpa fud fad na tíre; go mbeadh rochtain ag gach cleachtóir ar chonair shealbhaithe agus forbartha na gcleachtas éagsúla d’fhonn iad féin a chur in iúl go cruthaitheach trí phriosma na n-ealaíon sin; agus go mbeidh léirithe poiblí á gcur ar fáil don phobal go rialta.’
RÁITEAS MISIN ‘Na hEalaíona Teangabhunaithe Gaeilge a cheiliúradh, a fhorbairt agus a chur chun cinn trí thacaíochtaí agus trí dheiseanna a chur ar fáil do dhaoine óga agus lánfhásta lena gcleachtas ealaíon pearsanta féin a fhorbairt; le bheith rannpháirteach i dtionscadail ealaíon pobail agus sainiúla; agus le pobal freastail leathan i dtaca leis na healaíona sin a chothú go réigiúnach agus go náisiúnta.’
PRÍOMHFHREAGRACHTAÍ
- Plean Gníomhaíochta Náisiúnta na nEalaíon Teangabhunaithe Gaeilge a chur i bhfeidhm;
- Foireann de sheisear a bhainistiú agus clár oibre na foirne sin a stiúradh;
- Feidhmiú mar cheann feadhna ar 2 Ghréasáin Náisiúnta (Gréasán na nOifigeach Earnála & Gréasán na nIonad Ealaíon);
- Córais dea-chleachtais oibre a dheimhniú, tuairisciú éifeachtach a éascú; agus réamhphleanáil éifeachtach a chinntiú i gcás gach tionscadal;
- Cláir oiliúna ealaíon, tionóil agus féilte ar bhonn réigiúnach agus náisiúnta a chomhordú;
- Stiúradh a dhéanamh ar chruthú tacair uirlisí & acmhainní ar líne ina mbeidh tacaíochtaí do chleachtóirí, d’oiliúnóirí agus d’fhoghlaimeoirí a gcuid ealaíon a fhorbairt;
- Scéimeanna deontais & sparánachtaí a riar;
- Comhpháirtíochtaí a fhorbairt chun naisc níos dlúithe a thógáil idir pobail chleachtais éagsúla, ina measc, compántais agus grúpaí pobalbhunaithe; daltaí bunscoile; daltaí iar-bhunscoile; mic léinn ag an tríú leibhéal; na hAonaid Pleanála Teanga éagsúla; Líonraí Gaeilge & Bailte Seirbhíse Gaeilge.
Is treoir ghinearálta atá luaite anseo agus ní gá gur cur síos iomlán é ar dhualgais uile an phoist.
TAITHÍ, SCILEANNA, EOLAS & CÁILÍOCHTAÍ RIACHTANACHA
- Taithí oibre ábhartha 3 bliana ar a laghad, agus bliain amháin, ar a laghad, de thaithí bainistíochta líne;
- Sárscileanna pleanála agus eagrúcháin;
- Cumas le tosaíochtaí a leagan amach agus pleananna a thabhairt chun críche ar sprioc agus go héifeachtach;
- Scileanna idirphearsanta den scoth agus cumas caidrimh a chothú le páirtithe leasmhara éagsúla;
- Sárscileanna cumarsáide scríofa i bhfoirmeacha éagsúla lena n-áirítear tuarascálacha, aighneachtaí, cur i láthair &rl.
- Feasacht ar pholasaithe agus ar straitéisí um fhorbairt ealaíon teangabhunaithe;
- Eolas ar chleachtais taibhealaíon éagsúla;
- Cáilíocht aitheanta, Leibhéal 7 ar a laghad, ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí i ndisciplín ábhartha;
- Líofacht Gaeilge agus Béarla.
INNIÚLACHTAÍ
- Ceannaireacht Foirne
- Breithiúnas, Anailís agus Cinnteoireacht
- Bainistíocht agus Baint Amach Torthaí
- Scileanna Idirphearsanta agus Cumarsáide
- Saineolas, Oilteacht agus Féinfhorbairt
- Treallús & Tiomantas do chur chun cinn na dTaibhealaíon Teangabhunaithe Gaeilge.
PRÓISEAS IARRATAIS
CV agus Litir/Ráiteas Pearsanta (i.e., nach mó ná 300 focal) a léireoidh go gcomhlíonann do scileanna, do thaithí agus do chuid luachanna riachtanais an phoist seo.
Is fostóir comhionannas é An tOireachtas agus is í an Ghaeilge teanga oibre na Ceanneagraíochta.
Seol iarratas mar aon le CV, roimh 4 Deireadh Fómhair 2024, chuig: poist@antoireachtas.ie