TEIDEAL Oifigeach Taibhealaíon Réigiúnach
LÍON FOLÚNTAS 5 (Cúigear)
GRÁD Ardoifigeach Feidhmiúcháin
SCÁLA TUARASTAIL €54,764 - €68,970 (Beidh an té a cheapfar ag tosú ag pointe 1 den scála)
LATHAIR OIBRE Connacht; Laighean, Uladh, Mumhan & Mórcheantar Bhaile Átha Cliath
Féadfaidh na hOifigigh Ealaíon oibriú ón mbaile nó, mura n-oireann sé sin dóibh, cuirfear spás oifige ar fáil. Beidh cruinnithe foirne ar siúl go tráthrialta, i nGaillimh nó i mBaile Átha Cliath, agus iarrfar ar gach Oifigeach Taibhealaíon Réigiúnach freastal ar na cruinnithe seo ar an láthair seachas go fíorúil.
CUR SÍOS GINEARÁLTA Tá Plean Gníomhaíochta faoi réir na Straitéise d’Ealaíona Teangabhunaithe na Gaeilge, a d’fhógair An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, i Márta 2024, ullmhaithe ag an Oireachtas agus tá foireann á earcú anois chun an Plean Gníomhaíochta sin a chur i gcrích. Beidh Oifigeach Taibhealaíon Réigiúnach amháin ag obair ar an talamh i ngach ceann de na Cúigí agus i Mórcheantar Bhaile Átha Cliath.
AN FHÍS ‘Ealaíona Teangabhunaithe Gaeilge a bheith á gcleachtadh go saoithiúil, fonnmhar, lúcháireach, ag daoine den uile aoisghrúpa fud fad na tíre; go mbeidh rochtain ag gach cleachtóir ar chonair shealbhaithe agus forbartha na gcleachtas éagsúla d’fhonn iad féin a chur in iúl go cruthaitheach trí phriosma na n-ealaíon sin; agus go mbeidh léirithe á gcur ar fáil don phobal go rialta.’
RÁITEAS MISIN ‘Na hEalaíona Teangabhunaithe Gaeilge a cheiliúradh, a fhorbairt agus a chur chun cinn trí thacaíochtaí agus trí dheiseanna a chur ar fáil do dhaoine óga agus lánfhásta lena gcleachtas ealaíon pearsanta féin a fhorbairt; le bheith rannpháirteach i dtionscadail ealaíon pobail agus sainiúla; agus le pobal freastail leathan i dtaca leis na healaíona sin a chothú go réigiúnach agus go náisiúnta.’
PRÍOMHFHREAGRACHTAÍ
- Clár Oibre aontaithe a chur i bhfeidhm ar bhonn réigiúnach bunaithe ar an bPlean Gníomhaíochta Náisiúnta;
- Cainéil Chumarsáide a bhunú le tacaíocht a thabhairt do chleachtóirí nua sna healaíona teangabhunaithe chomh maith leo siúd atá ag feidhmiú cheana féin, lena n-áirítear ach nach bhfuil teoranta de dhaoine aonair, d’eagraíochtaí ealaíon, d’eagraíochtaí pobail, de chumainn & de chompántais drámaíochta, bunscoileanna, iar-bhunscoileanna, institiúid ardoideachais, leabharlanna & ionaid ealaíon;
- Cláir oiliúna ealaíon, tionóil agus féilte ar bhonn réigiúnach a eagrú;
- Tionóil drámaíochta a reáchtáil a fheidhmeoidh mar áis oiliúna agus gréasánaíochta araon agus a bheidh dírithe ar chompántais drámaíochta nuabhunaithe/athbhunaithe;
- Deiseanna agus tacaíochtaí chur ar fáil do chleachtóirí na n-ealaíon teangabhunaithe Gaeilge agus a bheith lánpháirteach i bhforbairt tacair uirlisí & acmhainní ar líne do na cleachtóirí sin;
- Feasacht a ardú maidir le scéimeanna deontais & sparánachtaí na heagraíochta;
- Comhpháirtíochtaí réigiúnacha a fhorbairt chun na healaíona teangabhunaithe Gaeilge a chur chun cinn agus deiseanna a chur ar fáil do chleachtóirí aonair, do ghrúpaí agus d’eagraíochtaí éagsúla chomh maith le pobal freastail a chothú do léirithe poiblí na n-ealaíon sin.
Is treoir ghinearálta atá luaite anseo agus ní gá gur cur síos iomlán é ar dhualgais uile an phoist.
TAITHÍ, SCILEANNA, EOLAS & CÁILÍOCHTAÍ RIACHTANACHA
- Cáilíocht ealaíne aitheanta nó taithí oibre nach lú ná 3 bliana in earnáil na n-ealaíon;
- Eolas ar chleachtais taibhealaíon éagsúla;
- Ardchaighdeán i labhairt agus i scríobh na Gaeilge;
- Sárscileanna pleanála, eagrúcháin agus cumarsáide;
- Feasacht ar pholasaithe agus ar straitéisí um fhorbairt ealaíon teangabhunaithe;
- Ceadúnas tiomána glan.
INNIÚLACHTAÍ
- Scileanna ceannaireachta;
- Cur chuige tionscnaíochta;
- Scileanna Idirphearsanta agus Cumarsáide;
- Bainistíocht agus Baint Amach Torthaí;
- Saineolas, Oilteacht agus Féinfhorbairt;
- Treallús & Tiomantas do chur chun cinn na dTaibhealaíon Teangabhunaithe Gaeilge.
PRÓISEAS IARRATAIS
CV agus litir/ráiteas pearsanta (i.e., nach mó ná 300 focal) ina dtugtar breac-chuntas ar an bhfáth a gcreideann tú go gcomhlíonann do scileanna, do thaithí agus do luachanna riachtanais an phoist seo.
Is fostóir comhionannas é An tOireachtas agus is í an Ghaeilge teanga oibre na Ceanneagraíochta.
Seol iarratas mar aon le CV, roimh 4 Deireadh Fómhair 2024, chuig: poist@antoireachtas.ie