Fáiltímid anois roimh ainmniúcháin do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2022, gradaim a bhronnfar i gcatagóirí éagsúla raidió, teilifíse, cló agus leictreonach.
Is é Dé hAoine, 5 Lúnasa 2022, ag 5.00 p.m., an sprioc le haghaidh ainmniúcháin a sheoladh isteach.
Fógrófar an gearrliosta Déardaoin, 1 MEÁN FÓMHAIR 2022.
Beidh buaiteoirí na nGradam á roghnú ag painéal moltóirí a dhéanfaidh iniúchadh ar shaothair na n-ainmnitheach. Rachaidh muid i dteagmháil leis na hainmnithigh a bhainfidh an gearrliosta amach chun cuireadh a thabhairt dóibh samplaí dá saothar a chur ar fáil.
Fógrófar buaiteoirí na ngradam i mí na Samhna 2022.
AINMNIÚCHÁN AMHÁIN atá le déanamh i ngach catagóir, le do thoil.
Cláir nó ábhair a craoladh nó a foilsíodh le bliain anuas atá inghlactha.
Iarrtar ort gan duine ná clár a ainmniú le haghaidh gradaim i gcatagóir ar bith inar bronnadh gradam orthu anuraidh.