Réalta Óg na Bliana 2022

Gradaim Chumarsáide || An tOireachtas

Cúigear atá ainmnithe ar ghearrliosta na bliana seo. Is iad sin Conchúr Ó Faoláin (Clár Reachtaire le Raidió na Life), Niamh Ní Ruadhagáin (Léiritheoir & Taighdeoir Teilifíse), Darren Ó Dubhgáin (Aimsir & Leanúnachas TG4), Evelyn Ní Ghriallais (Rásaíocht Beo ar TG4), Barry Ó Siochrú (BLOC TG4). Sé Donncha Ó Murchú (Aimsir agus Leanúnachas TG4) a bhuaigh Réalta Óg na Bliana 2021.

Is ar bhonn vóta poiblí a bhronnfar gradam Réalta Óg na Bliana. Beidh deis ag an bpobal vóta a chaitheamh dá rogha féin den seisear trí théacs a sheoladh. Dúnfar na línte vótála ag meán lae, Dé hAoine, 28 Deireadh Fómhair 2022. Is iad Púca urra an ghradaim seo.

Chun vóta a chaitheamh, téacsáil an focal GRADAM agus UIMHIR an té a dteastaíonn uait vóta a chaitheamh di/dó chuig:

51500 ó Phoblacht na hÉireann, ó thuaisceart na hÉireann nó ón mBreatain Mhór

Mar shampla, chun vótáil do:
Conchúr Ó Faoláin téacsáil GRADAM1
Niamh Ní Ruadhagáin téacsáil GRADAM2
Darren Ó Dubhgáin téacsáil GRADAM3
Evelyn Ní Ghriallais téacsáil GRADAM4
Barry Ó Siochrú téacsáil GRADAM5

Tá gnáth tháillí líonra i bhfeidhm. D'fhéadfadh difríocht a bheith idir chostas na dtáillí líonra, ag braith ar an líonra móibíleach atá agat.
Dúnfar na línte vótála ag meán lae, Dé hAoine, 28 Deireadh Fómhair 2022.
Níl cead ag baill foirne an Oireachtais vóta a chaitheamh.
Soláthraí Seirbhíse: Púca.

Bronnfar Gradam Réalta Óg na Bliana le linn Ócáid Bhronnta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2022 le linn Oireachtas na Samhna a bheidh ar siúl in Óstán Gleneagle, Co. Chiarraí, Dé Céadaoin, 2 Samhain 2022. Beidh an searmanas bronnta á sruthú beo ar líne ag www.tg4.tv