Seisear atá ainmnithe ar ghearrliosta na bliana seo. Is iad sin Colm Mac Giolla Easbuic (Ros na Rún & RTÉ Raidió na Gaeltachta), Ciara Cox (Saol Ella & Cúla4), Nicole Ní Dhubhshláine (RTÉ Raidió na Gaeltachta), Conor Torbóid (BBC Gaeilge ar Raidió Uladh), Seán Ó Maoilchiaráin (RTÉ & BLOC TG4), Áine Mhaoir (Na Seansálaithe & Léiritheoir Sraithe le Stiúdeo Cuan). Sé Darren Ó Dubhgáin (Aimsir agus Leanúnachas TG4) a bhuaigh Réalta Óg na Bliana 2022.
Is ar bhonn vóta poiblí a bhronnfar gradam Réalta Óg na Bliana. Beidh deis ag an bpobal vóta a chaitheamh dá rogha féin den seisear trí théacs a sheoladh. Dúnfar na línte vótála ag meán lae, Dé hAoine, 27 Deireadh Fómhair 2023. Is iad Púca urra an ghradaim seo.
Chun vóta a chaitheamh, téacsáil an focal GRADAM agus UIMHIR an té a dteastaíonn uait vóta a chaitheamh di/dó chuig:
51500 ó Phoblacht na hÉireann, ó thuaisceart na hÉireann nó ón mBreatain Mhór
Mar shampla, chun vótáil do:
Colm Mac Giolla Easbuic téacsáil GRADAM1
Ciara Cox téacsáil GRADAM2
Nicole Ní Dhubhshláine téacsáil GRADAM3
Conor Torbóid téacsáil GRADAM4
Seán Ó Maoilchiaráin téacsáil GRADAM5
Áine Mhaoir téacsáil GRADAM6
Tá gnáth tháillí líonra i bhfeidhm. D'fhéadfadh difríocht a bheith idir chostas na dtáillí líonra, ag braith ar an líonra móibíleach atá agat.
Dúnfar na línte vótála ag meán lae, Dé hAoine, 27 Deireadh Fómhair 2023.
Níl cead ag baill foirne an Oireachtais vóta a chaitheamh.
Soláthraí Seirbhíse: Púca.
Bronnfar Gradam Réalta Óg na Bliana ag Ócáid Bhronnta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2023 le linn Oireachtas na Samhna a bheidh ar siúl in Óstán Gleneagle, Co. Chiarraí, Dé Céadaoin, 1 Samhain 2023. Beidh an searmanas bronnta á sruthú beo ar líne ag www.tg4.ie